Tá bean óg a bhfuil bua an cheoil aici ag teagasc ranga ar an tsean-nós le linn Scoil Samhraidh Mhic Reachtain.
 
Tá cáil ar Róise Ní Mhurchú, arb as Doire di ó dhúchas ach a bhfuil dlúthfhréamhacha i mBéal Feirste aici, as an sean-nós agus as a bheith ag ceol agus ag seinm ar fud na tíre.

Anois agus ceann de na scoileanna samhraidh is mó i dTuaisceart Bhéal Feirste tosaithe, tá Róise lán-sásta a bheith ag teagasc na ceirde do dhaoine eile sna ranganna ‘Abair Amhrán.’
 
“Tá sé deas go bhfuil an rang seo ar fáil, mar gheall go bhfuil daoine ag déanamh an oiread ranganna Gaeilge, bíonn siad ag díriú isteach ar chúrsaí gramadaí, bíonn siad ag déanamh na filíochta, mar sin tá sé deas go bhfuil an rang seo ar fáil do dhaoine le rud éigin a dhéanamh atá rud beag níos sultmhaire, b’fhéidir. Bíonn tú ag foghlaim na Gaeilge ach bíonn tú á dhéanamh ar dhóigh atá deas agus sultmhar fríd an cheol fosta.”
 
“Beidh na ranganna seo ar siúl le linn Scoil Samhraidh Mhic Reachtain. Tá mé féin á dteagasc agus beidh Róisín Chambers á dteagasc chomh maith. Is féidir le daoine teacht anseo agus amhrán nó dhó a fhoghlaim.
 
“Ní chaithfidh daoine clárú do na ranganna amhránaíochta. Mar shampla tháinig duine inniu arb as an Ghearmáin di ó dhúchas. Tá sí anseo ar saoire agus chonaic sí fógra na ranganna ar líne. Níl Gaeilge ar bith aici ach faoi dheireadh an ranga bhí cúpla focal aici cibé.”

An rang faoi lán seoil
2Gallery

An rang faoi lán seoil

 Tá croí Róise istigh sa cheol agus san amhránaíocht, agus cuireann sí béim mhór ar thábhacht an tsean-nóis d’Éireannaigh, mar mhodh le scéalta a insint agus mar mhodh leis an stair a choinneáil beo.
 
“Nuair a bhíonn muid ag labhairt faoi na hamhráin ní deir muid ‘Ceol amhrán’ deir muid abair amhrán, say a song," ar sise.
 
“Tá tú ag insint scéil. An rud is tábhachtaí faoi na hamhráin ná an scéal a insint. Stair na ndaoine agus stair na n-amhrán. B’fhéidir amhrán grá nó amhrán cosúil le Seoltaí Geala.”
 
Agus is ag tógáil ar sheantraidisiúin atá siad, dar le Róise. 
 
“Seo traidisiúin atá againn anseo in Éirinn ag dul siar leis na glúnta. Téann sé ar aghaidh ó ghlúin go glúin ó a bheith ag éisteacht leis na hamhráin agus rudaí mar sin.
 
“Tá sé iontach tábhachtach le stair s’againne a choinneáil beo fríd na hamhráin. Tá sé go hiontach do dhaoine a thabhairt le chéile, b’fhéidir ag oíche airneáil. Agus feiceann muid go bhfuil croí mór maith na ndaoine ar thaispeáint nuair a bhíonn muid ag ceol le chéile.”
 
Tá Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ar shiúl i gCumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Béal Feirste, idir 19 Iúil agus 31 Iúil 2026.