Tháinig ceathrar staraithe le chéile in Amharclann Shiobhán Nic Cionnaith i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich Dé Luain an tseachtain seo le ceiliúradh a dhéanamh ar 30 bliain ó bunaíodh an t-eagras Gaeilge.

Labhair siad faoi Robert Shipboy McAdam, fiontraí Feirsteach (1808-1895) a bhfuil an Chultúrlann ainmnithe as, agus faoi na Preispitéirigh agus an Ghaeilge. Ar ndóigh ba phobal Preispitéireach an Bhealaigh Leathain an chéad dream a bhí lonnaithe san fhoirgneamh breá ar Bhóthar na bhFál ina bhfuil an Chultúrlann suite, foirgneamh a tógadh in 1896. Ba iad Bríghid Mhic Sheáin, John Bradbury agus an tUrramach Jim Stothers na léachtóirí agus chuir Deirdre Nic an tSionnaigh, comhordaitheoir an imeachta, an t-údar Ruairí Ó Bléine faoi agallamh.
 
Dhírigh Bríghid Mhic Sheáin ar theaghlach McAdam agus ar a n-áit cónaithe i gCearnóg an Choláiste Thoir i lár na cathrach.

Chomh maith le sonraí beathaisnéisiúla a lua, thug sí léargas ar an chineál duine a bhí ann, go raibh an oiread sin suime ag Robert agus ag a dheartháir James i gcúrsaí cultúir go raibh a ngnó thíos go mór leis sa deireadh. Bhí plean ag McAdam nuachtán seachtainiúil a bhunú. Nach maith go raibh an nuachtán Gaeilge Lá lonnaithe céad bliain i ndiaidh a bháis san fhoirgneamh atá ainmnithe as.

Thug John Bradbury, údar ‘Celebrated Citizens of Belfast’, eolas ar chomhaoisigh McAdam agus ar an ghlúin a tháinig roimhe a chaomhnaigh ceol Gaelach trí fhéile na gcruitirí i 1792, a bhailigh amhráin fud fad Chúige Uladh agus a theagasc an Ghaeilge. Labhair an tUrramach Jim Stothers ón Eaglais Phreispitéireach in Éirinn ar stair na Gaeilge san eaglais agus ar iarrachtaí na heaglaise a gcreideamh a scaipeadh i measc lucht labhartha na Gaeilge ar fud na tíre. Chuir Ruairí Ó Bléine, údar ‘Presbyterians and the Irish Language’, bailchríoch leis an ócáid agus tá a agallamh siúd agus na léachtaí ar fad le feiceáil ar an suíomh www.culturlann30.com agus ar mheáin shóisialta Chultúrlann McAdam Ó Fiaich.

Tá léacht faoin Chairdinéal Tomás Ó Fiaich beartaithe ag Féile an Phobail i mbliana agus foilseofar na sonraí go luath. Tá an dá imeacht seo mar chuid de chlár dhá bhliain atá curtha le chéile le maoiniú ó Chiste Oidhreachta an Chrannchuir Náisiúnta.