Chaith mé ráithe iomlán i mbliana ag líonadh boscaí. Bhí mé ag ullmhú le léim chandamach a dhéanamh, mé féin a stoitheadh agus aistriú ó áit chónaithe amháin go háit eile. Chruinnigh mé boscaí as gach cearn. Bhí cuid coinnithe san áiléar ar feadh na mblianta ar eagla na heagla go mbeadh siad de dhíth lá níos faide anonn – is mé a bhí sásta liom féin gur choinnigh mé iad – agus dheonaigh daoine eile cuid dom.
 
Isteach sna boscaí le héadaí a bhí fillte go cúramach. Bhí a chlúdach páipéir shíoda féin ar gach pláta, babhla agus cupán aonair. Leagadh faoi chumhdach na mballaí cairtchláir pictiúir agus grianghraif atá mar thaifead ar eachtraí agus ócáidí suntasacha i mo shaol. Cuireadh cuimhneacháin agus ornáidí a bhí clúdaithe go haireach le plaisteach bolgóideach istigh leo. Cuireadh an trealamh cistine ar shiúl agus éadach leapa. Na boscaí ba throime astu uilig ná an tríocha bosca a líon mé le leabhair, ar tháinig formhór mór acu as An Ceathrú Póilí thar na blianta.
 
Nuair a bhí colúin arda de bhoscaí ag glacadh suas gach orlach cearnógach den áit, nuair a bhí cosc ar sholas an lae theacht isteach, nuair nach raibh spás ar bith fágtha le go dtiocfadh liom mo bhealach a dhéanamh thart go réidh níos mó, chuir mé fios ar lucht na mboscaí bándearga. Tá seirbhís den scoth ag an dream a raibh aithne orthu mar Connors Coal tráth den tsaol agus ansin Connors Fuels. Tá stóras ag lucht Go Box ag bun Bhóthar Cliftonville agus tá córas iontach simplí acu a éascaíonn an bealach go mór d’aon duine atá ag cuartú áit shábháilte do mhaoin an tsaoil ar feadh seala. Tarraingíonn siad cófra mór bándearg ar leantóir a fhad le do theach agus locann siad ann é. Nuair atá do chuid curtha isteach ann, tig siad ar ais agus tugann siad an taisce leo ar ais chuig an mhórstóras.
 
Bhí mo chuid giuirléidí féin dhá mhí ar shiúl, tréimhse inar bhog mé amach as an tseanáit isteach i dteach eile. Thuig mé le linn an ama sin gur féidir maireachtáil ar bhealach sóúil go maith ar an bheagán. Músclaítear an chruthaitheacht ionat nuair nach bhfuil ach dhá sháspan agat don chócaireacht nó nuair nach bhfuil crochta sa vardrús ach bunbhaill éadaigh an fheistis capsúil. Ní mór duit bheith seiftiúil más mian leat an éagsúlacht i do shaol.
 
Fuair mé an cófra mór bándearg ar ais an tseachtain seo. Nuair a chonaic mé an athuair an leathchéad bocsa a bhí coinnithe istigh ann, bhí sé cosúil le bheith ag teacht le chéile le seanchairde. Ghabh mé buíochas le mise an ama atá thart as lipéidí a chur ar na boscaí mar threoir do mhise bocht traochta an lae inniu.
 
Ráithe a ghlac sé leis an uile ní i mo shaol a phacáil ar shiúl – gach cuimhne, gach píosa páipéarachais. Cá mhéad ráithe a ghlacfaidh sé leis an díphacáil a dhéanamh? Anois go bhfuil mé cleachta le saol na simplíochta, seans gur fada an lá sula bhfeicfidh na nithe sin solas an lae arís ar chor ar bith.