An tríú ceann sa tsraith nua de ghearrscéaltaí as Éirinn, as Tír na mBascach, as An Chataloin agus as An Ghailís, urraithe ag belfastmedia.com in Éirinn. Buíochas ar leith le Gráinne Ní Ghilín as a cuidiú. Seo scéal Gailísise, Gaeilge curtha air ag Réaltán Ní Leannáin.

Níor baineadh suaitheadh dá laghad as na beithígh, ach baineadh geit asainn féin nuair a léim an t-iasc. Léim ceann amháin agus díreach ina dhiaidh, ceann eile. Ansin, chomhairigh muid dosaen acu san uisce láibeach, iad liathghlas. Ó am go chéile, thug siad léim amach as an linn, ag lúbadh is ag corraíl san aer sular thum siad isteach san uisce arís. Níl sé neamhghnách iasc a fheiceáil i lochán, ach bhí an ceann seo i réiteach i gcroí na sléibhe.
 
“Is carbáin iad!” a scairt mé le hiontas.
 
“Is ea, a thaisce, cinnte. An rud is aistí ná go léimeann na carbáin ar chor ar bith, ná níl an corp ceart acu don saghas sin aclaíochta,” a dúirt m’athair. “An rud is mó a dhéanann siad de ghnách ná ardaíonn siad a mbéal agus a mbéal amháin amach as an uisce.”
 
Thóg muid na beithígh amach go luath ar maidin ag tabhairt aghaidh ar bharr Xiabre. Bhí ábhar againn a bhí ina chnámh spairne eadrainn ar na mallaibh nach raibh fuascailt againn dó, mé féin agus m’athair, agus muid chomh ceanndána, diongbháilte lena chéile. Bhí mé féin cinnte go bhféadfá mullach Shliabh Xiabre a fheiceáil ó m'árasán in Compostela, gorm agus maorga i gcéin, an sliabh ceannann céanna a d’éirigh aníos díreach taobh le tithe an bhaile s’againn. Bhí an léamh seo ar an sliabh ag teacht salach ar cheann m’athar, nó dar leis, bhí an mullach beagnach daichead ciliméadar ón chathair agus ní raibh an sliabh ard go leor le go bhfeicfí an mullach seo ó mo theachsa.
 
“Tá tú ag amharc ar Muralla, atá níos airde,” a dúirt sé liom.
 
Mar sin shocraigh muid ar an údar aighnis a réiteach trí ghabháil go barr an tsléibhe ar muin capaill, déshúiligh mhaithe inár nglac againn. De réir loighice, dá bhfeicfeá an chathair ón bharr – díreach an chathair, chan mo bhalcóin ná mo chat ar an bhalcóin i measc na ngeiréiniam – bheadh an ceart agam. Ach níor éirigh linn é a chinntiú mar thuirling muid taobh leis an linn, poll uisce d’ainmhithe, is dócha, agus le linn dúinn a bheith ag plé ar cheart go mbeadh carbáin in ann léim nó nár cheart, shleamhnaigh mo Dheaid agus bhris sé a chos. Thóg sé an-chuid ama é a tharrtháil agus a thabhairt an sliabh anuas. Bhí Deaid spíonta ag an phian faoin am a thug siad isteach san otharlann é. 
 
Bhí an fhuinneog fada, ach caol. Thóg sé balla iomlán, ó dheas go clé, ar nós leabhragán mór. Nó líne téacs, b’fhéidir, ina ndearna an tírdhreach cur síos uirthi féin i scéal. An fharraige sa chúlra, stiall ghlas ar fhíor na spéire. An fharraige os mo chomhair, an trá agus foirgnimh ina luí ar imeall an chósta. Taobh thiar de na foirgnimh, crainn ghiúise agus na hionaid tionsclaíocha le díonta miotail a rinne aithris ar thíleanna cré. Ansin, bóthar. Ansin, stríoc fhionn páirceanna agus an carrchlós indeagó. Agus ar deireadh, an otharlann agus an fhuinneog.
 
Agus Deaid socair sa leaba, an teilgean plástair réitithe, bhí tréimhse suaimhnis ann, gan foithreacha folaithe, agus bhí mé in ann éirí ón bhinse taobh leis agus amharc amach an fhuinneog. Bhí aghaidh an tseomra san iarthar, agus bheadh orainn na dallóga a ísliú i gceann tamaill sa dóigh nach dtachtfadh grian láidir Lúnasa a chorp briste. Chodail sé go socair, é múnlaithe i gcruth beithe sceirdiúla. Bhronn an chos ar snámh sollúntacht agus righneas as an ghnách air. Bhí mé buartha faoi cén dóigh a n-ardóinn a mhisneach nuair a mhúsclódh sé. Níor labhair muid le chéile mórán, ach nuair a labhair, chuaigh muid i muinín cúrsaí iascaireachta mar ábhar comhrá. Ba é an t-aon topaic amháin é nach raibh achrannach. 

Tharraing turas eitleoige m’aird ar mhullach sléibhe, gorm fosta, agus i bhfad i gcéin. Bhí sé ar an taobh eile de bhéal na gaoithe, sa dóigh is nach bhfaca mé ó na tithe sa bhaile é. Mhothaigh mé díomá ghéar, thobann. Bhí sé an-chosúil le Xiabre, an mullach gearrtha i léibheann fada, míréidh.

In ainneoin chomh séimh, réchúiseach is a bhí Deaid, ba dhuine é a raibh féith na fantaisíochta ann agus ba ghnách leis áibhéil a dhéanamh faoi líon na n-iasc a mharaigh sé, nó gabháil i muinín na cumadóireachta go hiomlán, dá mba ghá. Bhí ladhracha aige in áit  corrmhéire agus ordóige ar a lámh dheas. Dúirt sé gur ghearr líne iascaireachta iad i ndianchomhrac le bradán. Mhéadaigh méid an bhradáin le achan chuntas nua ar an éacht. Ach níor chaill Deaid a mhéara ag iascaireacht. Bhí sé ag obair i muileann sábhadóireachta agus bhí a lámha gortaithe de dheasca gearradh adhmaid ag meaisíní a bhagair eisean a ghearradh seachas na crainn. Chaill sé a mhéara leis an sábh slabhrach, ach ní raibh sin leath chomh gaisciúil le líne iascaireachta agus eipic inar mharaigh seisean an bradán is mó dá bhfacthas riamh ar chúrsa iomlán abhainn Ulla. Níor shéan mé a scéal riamh, ar ndóigh. D’fhan an rún sin idir an bheirt againn nuair a rinne muid gáire i gcuideachta an lucht éisteachta, comhpháirtithe sa chumadóireacht d’fhonn moladh an tslua a ghairm. 
 
Is cuimhin liom oícheanta ag iascaireacht leis, ag oibriú na habhann faoi shuaimhneas maorga Bhealach na Bó Finne. Uair amháin, ar thrá bheag ag béal na habhann, rinne mé iascaireacht dhúbailte le slat le dhá dhuán. Rug mé ar dhoingean mara ar dhuán amháin, a eití droma spíceach, trodach. Faoi bhun an doingin bhí eascann choncair ar crochadh den dara duán, ag cur níos mó stró uirthi féin an doingean a ithe ná í féin a shaoradh ón fhaopach. Thug mé féin agus mo Dheaid faoi deara chomh scanraithe is a bhí an doingean. 
 
“Fuair ​​sí bás le heagla nuair a chonaic sí an eascann ag cloí lena corp," a dúirt sé go sollúnta.
D’ith muid iad friochta ansin taobh leis an abhainn. Rinne siad a ndícheall fanacht beo. Níl blas níos seirbhe ar iasc mar gheall ar eagla a bheith air sa dé deiridh, ná níl blas níos fearr air má fhaigheann sé bás go cróga. Tá blas milis, cuasach ar an bhás. Is maith leis an ocras an cuas, ar nós ubh neamhthoirchithe, nó an bás. Is maith linn an imní a théann leis, mar chreachadóirí gan trua. Nó mar chraosairí, seans..
 
Bhain solas na gréine leac na fuinneoige amach. Sular ísligh mé an dallóg, bhí mé ag iarraidh an scéal a d’inis an dreach tíre dom a chur le chéile go fóill. Tá sé dodhéanta aon rud cruthaitheach a dhéanamh in otharlann. Is áit í a choinníonn tú i bpríosún, i síorliombó. Ar nós an ghalair. D’fhan mé ar Dheaid múscailt. Tráthnóna, chaithfeadh sé a ghabháil chun aire a thabhairt do na beithígh, agus ina dhiaidh sin filleadh ar Compostela, chuig ceist Xiabre.
 
Tharraing turas eitleoige m’aird ar mhullach sléibhe, gorm fosta, agus i bhfad i gcéin. Bhí sé ar an taobh eile de bhéal na gaoithe, sa dóigh is nach bhfaca mé ó na tithe sa bhaile é. Mhothaigh mé díomá ghéar, thobann. Bhí sé an-chosúil le Xiabre, an mullach gearrtha i léibheann fada, míréidh. Gan dabht bhí sé níos airde agus suite níos fearr le go mbeadh sé le feiceáil ó mo bhalcóin in Compostelano. 
 
Ba é an ceann sin, cinnte, an mullach a raibh Deaid ag tagairt dó. Bhí mé meallta. Ní hamháin go mbeadh orm a admháil dó go raibh an ceart aige, ach chomh maith leis sin bhí díomá orm gurbh é Xiabre an sliabh ar bheannaigh mé dó sa bhaile agus nárbh é an sliabh a bheannaigh domsa sa chathair.
 
Dhúisigh Deaid agus d’amharc sé orm. D’aithin sé an dreach buartha ar m’aghaidh agus chuir sé dreach ceisteach air féin. Níor fhreagair mé é. Thóg mé na húlla bruite a d’fhág siad don suipéar agus d’ith mé iad go mall le spúnóg bheag. Chinn mé ceist a chur a bhí do mo chrá a fhad is a bhí mé ag stánadh amach an fhuinneog.
 
“Agus cad chuige a mbeadh carbáin ar an tsliabh, a Dheaid?”
 
D’fhág sé an spúnóg sa chupán agus thosaigh sé ag bualadh buille beag ar a éadan leis na ladhracha, an chorrmhéar agus an ordóg, chun mé a ghríosú.
 
“A iníon dhíl, ná bí buartha go raibh carbáin ar an sliabh. Thóg duine éigin ansin iad, lá den tsaol. Is é an rud a chuireann isteach orm i ndáiríre ná, cén dóigh ar éirigh leo léim.”