IN amanna bíonn an saol ag brú ort ó gach taobh. Amharcann tú thart ort féin agus ní fheiceann tú ach fadhbanna atá le réiteach nó dúshláin rómhóra a gcaithfear dul i ngleic leo agus ní mhothaíonn tú go bhfuil sé de mhianach ionat iad a shárú. Tá cúpla straitéis shimplí ann a chuidíonn liom i gcónaí theacht aniar. B’fhéidir go mbeadh siad úsáideach ag daoine eile. Aireachas (mindfulness) an chéad rud, agus liostaí an dara rud.
 
Nuair atá praiseach achan áit, nuair atá gach rud róchasta, nuair atá éilimh dhosháraithe ort, is mór an cuidiú é an t-aireachas a chleachtadh. Rud amháin san am agus d’aird uilig a dhíriú air. Ní gá na huaireanta fada a chaitheamh i do shuí ar chúisín, do chosa crosach ar a chéile, i mbun dianmhachnaimh (cé go bhfuil buntáistí móra le baint as a leithéid ag an té a bhfuil fonn air tabhairt faoi). Is féidir an t-aireachas a fhí isteach i do shaol laethúil agus tá deis le baint as na tascanna is suaraí féin le do dhearcadh a athrú agus an saol a dhéanamh níos taitneamhaí, níos soláimhsithe. Ní hé nach mbíonn cúrsaí chomh deacair agus a bhí, ach tig athrú ar do dhearcadh féin, rud a fhágann go bhfuil gach rud níos fusa.
 
Theagasc an múinteoir spioradálta Vítneamach Thich Nhat Hanh, a cailleadh i mí Eanáir i mbliana, gur ‘míorúilt’ é an t-aireachas. ‘Na soithí a ní agus tú i mbun na soithí a ní’ an chomhairle a bhí aige dá leantóirí. Seo an tuiscint a bhainim féin as sin. Leis na céadfaí, bí ag tabhairt fá deara cad é go díreach atá ag dul ar aghaidh agus tú ag ní na soithí – fuaim an uisce ag slaparnach sa bháisín; teocht an uisce ar do lámha; na tuair cheatha beaga sa sobal; boladh an leachta níocháin. Is geall le sos aigne é ón mhairgneach faoin obair mhór uilig atá romhat an chuid eile den lá.
 
In amanna is dúshlán ann féin é a fháil chomh fada leis an doirteal le soitheach ar bith a thógáil agus a ní. Ar laethanta mar sin, nuair atá na mothúcháin i ndiaidh an ceann is fearr a fháil orm, téim i muinín na liostála agus dírím ar na tascanna is bunúsaí ar fad. Scríobhaim síos ar phíosa páipéir iad agus cuirim tic leo de réir mar a chuirim i gcrích iad. Mé féin a ghléasadh – tic. An leaba a chóiriú – tic. Bricfeasta a dhéanamh – tic. Na soithí a ní – tic. Cé nach bhfuil ann ach rud beag, simplí, tá cumhacht i ngníomh fisiciúil na ticeála. Le gach tic, tá rud éigin bainte amach agat, agus is cuma cé chomh beag leis. An rud atá tábhachtach ná gur thug tú céim thar tairseach agus go bhfuil tú ag fáil an ceann is fearr ar an bhrú. Le gach tic, tá an t-ualach ag éirí níos éadroime agus má leanann tú leat ar an dóigh chéanna, beidh an lámh in uachtar agat agus beidh tú breá ábalta dul i ngleic leis na dúshláin.