Cúl agus aghaidh le hoidhreacht a seanathar Seán Ó Riada ag Doireann Ní Ghlacáin
Réicíocht, ragairní agus craic deadly. Lads a bheith ag double-dropping yokes ar chúl an trad disco. Sin giota den chur síos atá ag an fhidléir Baile Átha Cliathach Doireann Ní Ghlacáin ar chúrsaí ceoil thraidisiúnta in Éirinn sa lá atá inniu ann sa scannán faisnéise ‘Seán Ó Riada – Mo Sheanathair’ (TG4).

Tá sé i gcontrárthacht mhór leis na híomhánna sollúnta, tochtmhara de thórramh a hathar mhóir sa bhliain 1971, an bhaintreach Ruth faoi chaille dhubh agus a seachtar clainne óga ag siúl go huasal taobh thiar dá chónra.

Bhí caint mhór ar Sheán Ó Riada i mbliana, leathchéad bliain i ndiaidh a bháis anabaí in aois a dhá scór bliain. Cumadóir ceoil as Corcaigh a bhí ann a bhain cáil agus ardstádas amach fad a mhair sé. Ba laoch cultúir é a mhúscail bród agus féinmhuinín sa phobal as an traidisiún dúchasach Gaelach. Ach bhí conspóid ag baint leis fosta agus daoine go forleathan den tuairim gurbh é an t-ól a thug a bhás.

Cuireann sí ceisteanna ciotacha, míchompordacha sna comhráite lena máthair, Sorcha Ní Riada, tuairisceoir le Nuacht TG4, lena haintín Ruth Ní Riada agus lena huncail Peadar Ó Riada, ach tá gach duine acu ionraic, oscailte léi ina gcuid freagraí.

Sa scannán, ní chuireann a ghariníon fiacail ann agus í ag cur in iúl cad é an dearcadh atá aici féin ar athair a mháthar. Chuala Doireann Ní Ghlacáin scéalta lena hóige faoi ólachán a seanathar. Bhí a fhios aici gur fágadh a seanmháthair Ruth gona seachtar páistí ina dhiaidh gan aon teacht isteach acu nuair a cailleadh é. Is beag an tsuim a bhí aici riamh ina oidhreacht agus ní cheileann sí an ‘beagán nimhe’ a mhothaigh sí ina leith. Agus ní hí an t-aon duine í a raibh iarracht den lagmheas aici ar Sheán Ó Riada nó nochtar i seanlitreacha a scríobh muintir Ruth, an bhean chéile s’aige, nach mó ná sásta a bhí siad féin lena iompar.

Mar sin féin, bheartaigh Doireann ar thuras a thabhairt le theacht ar thuilleadh eolais faoina hathair mór agus tá an scéal rianaithe sa scannán faisnéise léirithe ag Táin Media do TG4. Tugann sí cuairt ar na láithreacha suntasacha ina shaol, ina measc stáisiún raidió i bPáras a chraol ceol de chuid an chumadóra óig agus Coláiste na hOllscoile, Corcaigh mar ar chaith Seán tréimhse ina léachtóir i Roinn an Cheoil. Taispeánann leabharlannaí san ollscoil cuid den 400 scór ceoil agus tuilleadh a tháinig ó pheann an Riadaigh do Dhoireann, mar aon le litreacha ceanúla a chuir a bhean chéile chuige.

Ní aistear fisiciúil amháin a shiúlann Doireann sa chlár seo ó Bhaile Átha Cliath go Páras go Corcaigh go Cúil Aodha. Téann sí i ngleic lena mothúcháin dheacra féin mar iarracht le theacht ar thuiscint níos fearr ar Sheán Ó Riada mar fhear. Tá guth Ruth Uí Riada go tréan ann ó na cartlanna agus labhraíonn Doireann leis na daoine a raibh aithne acu air lena bheo, a chlann, a chomhghleacaithe i gCeoltóirí Chualann (Seán Keane agus Seán Ó Sé) agus a chomharsana i gCúil Aodha (Iarla Ó Lionáird, Eoghan agus Danny Maidhcí Ó Súilleabháin). Cuireann sí ceisteanna ciotacha, míchompordacha sna comhráite lena máthair, Sorcha Ní Riada, tuairisceoir le Nuacht TG4, lena haintín Ruth Ní Riada agus lena huncail Peadar Ó Riada, ach tá gach duine acu ionraic, oscailte léi ina gcuid freagraí. An toradh ba mhian lena máthair ná go mbeadh Doireann bródúil i ndeireadh an lae as a seantuismitheoirí.

Tá cuid mhaith de cheol Uí Riada mar fhuaimrian leis an scannán. Tá léiriú an phianadóra Fheirstigh Barry Douglas ar ‘Carrickfergus / Do Bhí Bean Uasal’ go háirithe cumhachtach, ní hamháin mar gheall ar a scil féin ná ar chóiriú álainn an Riadaigh, ach fosta de thairbhe go bhfuil lámh chomh maith agus chomh cruthaitheach sin ag stiúrthóir an scannáin, Feilimí O’Connor, ar a cheird fhísiúil.
Is iomaí seoid eile cheoil agus fhísealaíne atá sa sárshaothar seo de chuid Táin Media, arna léiriú ag Dónal O’Connor agus Jim Sheridan. Is cinnte go mbeidh sé ar ghearrliostaí na ngradam teilifíse ar an bhliain seo chugainn. Tá sé le feiceáil ar Sheinnteoir TG4 anois.