Tá Thich Nhat Hanh, manach aitheanta Búdaíoch as Vítneam a bhí mar inspioráid do dhaoine fud fad an domhain, imithe ar shlí na fírinne. Thay an t-ainm a thugann a lucht leanúna go ceanúil air, a chiallaíonn ‘múinteoir’ sa Vítneaimis. Bhí sé 95 bliana d’aois. De réir Phobal Plum Village, d’éalaigh sé ar mheán oíche ar an 22 Eanáir, 22/1/22.
 
Tá an t-aireachas (mindfulness) measartha coitianta sa lá atá inniu ann. Bíonn sé in úsáid i scoileanna agus tá dochtúirí ann a mholann é do dhaoine atá ag fulaingt le deacrachtaí meabhairshláinte amhail an galar dubhach. Tá tóir mhór ar aipeanna mar Headspace, atá íoslódáilte breis agus 70 milliún uair, a thacaíonn le daoine am a chur ar leataobh gach lá le seisiún aireachais a dhéanamh. Bhí Thich Nhat Hanh ar na daoine ba thúisce agus ba mhó a chuir an cleachtas chun cinn san Iarthar. Ba fhile agus údar é fosta a scríobh breis agus 100 leabhar i mBéarla, ina measc, ‘The Art of Living’, ‘The Miracle of Mindfulness’, ‘No Mud, No Lotus’ agus ‘Anger’, a foilsíodh cúig lá roimh an ionsaí ar an World Trade Centre i Nua-Eabhrac. 

Bhain an fear spioradálta clú amach sna 1960idí as a chuid oibre ar son na síochána. Agus prionsabail an Bhúdaíochais in úsáid aige, chuir sé go láidir in aghaidh an chogaidh i Vítneam idir a thír dhúchais agus na Stáit Aontaithe. Bhunaigh sé eagrais a raibh na mílte oibrí deonach páirteach iontu a rinne fóirithint orthu siúd a bhí thíos leis an chogaíocht. Rinne siad atógáil ar scoileanna, bhunaigh siad ionaid leighis agus thug siad teaghlaigh a bhí scartha óna chéile mar thoradh ar an choimhlint le chéile arís. Bhí neamhfhoréigean, comhbhá agus cineáltas mar bhunús leis an obair a rinne siad. Bhunaigh Thich Nhat Hanh ollscoil Bhúdaíoch, teach foilseacháin agus pobail ar fud na cruinne de mhanaigh agus tuataí Búdaíocha chomh maith.
 
Sa bhliain 1966 bhuail sé leis an Dr Martin Luther King agus d’ainmnigh seisean an manach do Dhuais Síochána Nobel an bhliain dar gcionn. Níor bronnadh an Duais ar aon duine an bhliain sin. Dar leis na húdaráis i Vítneam, thuaidh agus theas, ba fhealltach an misean a bhí ag Thich Nhat Hanh agus cuireadh cosc air filleadh ar an Vítneam Theas. Chaith sé beagnach dhá scór bliain ar deoraíocht agus bhunaigh sé Plum Village gar do Bordeaux na Fraince. Gach seans go bhfuil aithne agat ar dhuine a chaith tréimhse ann.

 

I mí Aibreáin 2012, thug Thich Nhat Hanh cuairt ar Stormont. Mindfulness Ireland a thug cuireadh dó theacht go hÉirinn agus is í Bridgeen Rea, a bhí ag obair mar phreasoifigeach sa Roinn Forbartha Sóisialta ag an am, a d’eagraigh an t-imeacht ar an Chnoc. Bhí Nelson McCausland mar aire sa roinn agus nuair a d’fhiafraigh Bridgeen de an raibh sé de rún aige theacht lena manach a fheiceáil, dúirt sé, ‘Cad chuige a ndéanfainn sin?’ Ach bhí polaiteoirí eile, ina measc Martina Anderson, Simon Agnew agus Conall McDevitt, i láthair don chaint a thug an múinteoir aitheanta i seomra an tSeanaid. Labhair sé faoin tábhacht a bhaineann lena bheith dírithe ar an am i láthair seachas ar an am atá caite. Chruinnigh tuairim is 300 duine den phobal taobh amuigh den teach parlaiminte le machnamh siúil a dhéanamh le Thay síos Bealach an Phrionsa Séarlas.
 
Chreid Thay gur cumhachtach an cleachtas é a bheith ag éisteacht le daoine eile d’fhonn síocháin a bhaint amach agus luaigh sé ag ócáidí eile gur scil é nach raibh ag ceannairí polaitíochta a chuaigh i muinín na cogaíochta lena n-aidhmeanna a chur i gcrích.

In 2014 bhuail stróc é agus ní raibh urlabhra aige níos mó. In 2018 thug sé le fios le comharthaí láimhe gur mhaith leis filleadh ar an mhainistir i Vítneam inar thosaigh sé amach ina mhanach óg. Is ann a fuair sé bás ag an deireadh seachtaine.
 
In 2016, scríobh Thich Nhat Hanh faoin bhás: ‘Is ann dom i gcónaí. Ach beidh ort aird a thabhairt ar na rudaí thart timpeall ort le mé a fheiceáil. Bláth a bheas ionam, nó duilleog. Sin an dealramh a bheas orm agus cuirfidh mé beannacht chugat. Má tá tú airdeallach go leor, aithneoidh tú mé agus déanfaidh tú meangadh gáire liom. Beidh mise sona sásta go ndéanfaidh.’