Tribeca. Ainm amaideach ar fhorbraíocht amhrasach i gCeathrú na hArdeaglaise. Is ainm é nach léiríonn beag ná mór gné ar bith de stair Bhéal Feirste. Is ainm é atá in úsáid cheana féin ar cheantar uathúil, hip in Manhattan.

Chomh luath is a fógraíodh an t-ainm, chuir saoránaigh Bhéal Feirste in iúl cé chomh bómánta a shíl siad a bhí sé. ‘TRiangle BEside the CAthedral’ is ciall leis, a mhínigh na forbróirí, Castlebrooke Investments. Má chaithfidh tú é a mhíniú, tá fadhb bhunúsach leis.

Ba é guth an aisteora Jamie Dornan a bhí le cluinstin ar an fhíseán bolscaireachta, an frása ‘tá a fhios agam cé thusa’ á rá arís agus arís aige. Ag amharc anois air, tugann sé Paul Spector chun aigne, carachtar Dornan sa tsraith theilifíse The Fall, dúnmharfóir a dhéanann spiaireacht ar mhná thar thréimhse de mhíonna. Breathnaíonn sé gach uile rud a dhéanann siad. Cuireann sé aithne orthu. Ar deireadh, téann sé isteach sna tithe s’acu le coim na hoíche go dtachtann sé iad.

Vótáil Comhairleoirí de chuid Shinn Féin agus DUP atá ar Choiste Pleanála Chomhairle Chathrach Bhéal Feirste an tseachtain seo caite ar son cead a thabhairt do na forbróirí leanacht ar aghaidh lena bpleananna (a raibh orthu iad a leasú) chun Ceathrú na hArdeaglaise a fhorbairt. Tionscadal £500 milliún atá ann. Dúirt lucht an fheachtais Tabhair Ceathrú na hArdeaglaise Slán (Save the Cathedral Quarter) go bhfuil an dá pháirtí polaitíochta ‘ag cur brabús chun tosaigh ar dhaoine’ leis an chinneadh seo.

Tá Ceathrú na hArdeaglaise ar cheann de na limistéir is deise agus is suimiúla i lár Bhéal Feirste. Tá éagsúlacht mhaith ann nach bhfuil le fáil in áiteanna eile, an Ascaill Ríoga, mar shampla, atá leamh go leor siocair nach bhfuil ann den chuid is mó ach na siopaí ardsráide céanna a gheofá i gcathair ar bith eile in iarthar na hEorpa.

Tá Ceathrú na hArdeaglaise ilghnéitheach – agus i bhfad níos spreagúla dá bharr. Tá gnónna, eagrais, ealaíontóirí agus ceardaithe uathúla lonnaithe ann. Mar aon le hArdeaglais Naomh Anna, tá ionad Búdaíochas Zen Bhéal Feirste suite sa cheantar, agus Ollscoil Uladh, an Leabharlann Láir, ionaid chultúir an MAC agus an Black Box, an stáisiún teilifíse NVTV, Ionad Ceoil Oh Yeah, músaem cuimhneacháin cogaidh, oifigí nuachtáin, dánlanna, ceardlanna, bialanna, tithe tábhairne, óstáin agus stiúideonna ióga agus tatú. Is sa cheantar sin, sna Seomraí Tionóil, a reáchtáladh Féile na gCruitirí sa bhliain 1792 nuair a bhreac Edward Bunting síos tiúineanna a bhí i mbaol dul in éag ar fad. Murach sin, ní bheadh an ceol traidisiúnta chomh saibhir agus atá sa lá atá inniu ann.

Níl aon amhras faoi ach gur maith an rud é an ceantar a fheabhsú agus a athnuachan tuilleadh. Is cinnte go bhfuil fáilte roimh infheistíocht. Tá an chontúirt ann, áfach, go dtiocfaidh athrú ó bhonn ar nádúr na háite má théitear ar aghaidh le pleananna Castlebrooke.

Ba mhaith leo an méid spáis phoiblí atá ar fáil a laghdú agus foirgnimh arda, ghránna, leadránacha gloine agus cruach a thógáil i gCearnóg na Scríbhneoirí. Agus seachas freastal ar an ghéarghá atá le tithíocht shóisialta agus tithe a bhfuil sé d’acmhainn ag an ghnáthdhuine íoc astu, tá árasáin bheaga aon seomra leapa agus dhá sheomra leapa nach bhfuil fóirsteanach do theaghlaigh beartaithe.

Tá lucht feachtasíochta iontach imníoch go bhfágfar ealaíontóirí agus ceardaithe aonair agus gnónna beaga ar an trá fholamh. Dúirt siad ar a leathanach Facebook an tseachtain seo caite gurb é is bunchúis leis an fhorbraíocht ‘mionlach, forbróirí réadmhaoine, a dhéanamh níos saibhre’. Agus lucht an rachmais ag bailiú tuilleadh airgid, tá gach seans ann go mbeidh muintir na cathrach seo i bhfad níos boichte as.