Mura raibh deis agat amharc air go fóill, molaim go hard Slam Filíochta Liú Lúnasa. Tá sé le feiceáil ar chainéal YouTube Chultúrlann McAdam Ó Fiaich. Bunaíodh an comórtas in 2017.

Bhí rud éigin speisialta san aer an bhliain sin. Sa tsochaí mhór bhí borradh faoi na feachtais éagsúla ar son cearta an duine, ina measc cearta teanga, cearta na mban, cearta pósta.

Mar gheall ar an drochdhóigh ina raibh cúrsaí eacnamaíochta, bhí an bhróg teanntaithe go háirithe ar an mhuintir óga a bhí ag freastal ar an fhéile. Bhí fonn mór orthu an saol a athrú agus liú a ligean. Mar sin, bhí na ceisteanna seo uilig agus tuilleadh faoi chaibidil sna dánta a reiceadh i nDánlann Dillon sa Chultúrlann.

D’éirigh chomh maith sin leis an slam gur tháinig lucht BLOC TG4 an bhliain ina dhiaidh sin agus chraol siad na dánta  mar mhíreanna gairide ar mheáin shóisialta an stáisiúin. Aistríodh an slam go dtí an Dubhlann, nó Black Box, i gCeathrú na hArdeaglaise i lár Bhéal Feirste anuraidh. 

Mar ealaín, tá an tslamáil paiseanta, beoga, rithimiúil agus thar na blianta tá cumas, clisteacht agus cruthaitheacht mhór léirithe ag na filí a ghlacann páirt i Slam Filíochta Liú Lúnasa. Suíonn an lucht éisteachta thart timpeall i gciorcal, rud a chruthaíonn draíocht, muintearas, bráithreachas. Bíonn an file sa lár agus tá an leagan amach ag teacht go mór le traidisiúin scéalaíochta agus filíochta pobail na nGael. Mothaíonn na héisteoirí, agus aithnímid inár bputóga istigh, an tsócúlacht a bhaineann le bheith inár suí go cluthar i measc na treibhe.

Ní miste a rá go mbíonn teannas san aer fosta, na filí ag brath orthu féin go huile is go hiomlán le sleachta móra fada a thabhairt chun cuimhne seachas bheith ag dul i muinín páipéir nó táibléid. Tarlaíonn sé ó am go chéile go ligtear focail agus línte i ndearmad, ach bíonn an lucht féachana iontach cásmhar leo siúd atá ina seasamh faoin spotsolas. 
I mbliana, ní raibh muid in ann theacht le chéile agus reáchtáladh an slam ar líne.

Chuir na hiomaitheoirí físeáin isteach agus cuireadh le chéile iad in aon fhíseán uair an chlog, le fáilte ó Shinéad Ní Uallacháin ó Raidió na Gaeltachta. Is cinnte gur eispéireas éagsúil a bhí ann le hais na mblianta eile, ach bhí an splanc agus an spleodar céanna go fóill le mothú. Tá an slam mar a bheadh síol ann a cuireadh an chéad bhliain agus a bhláthaíonn gach bliain aimsir na féile. Tá sé ag dul ó neart go neart le himeacht ama. 

Bhí caighdeán na n-iontrálacha fíor-ard i mbliana. Dochreidte ard. Siocair nach raibh na srianta céanna ama agus áite ann, chuir slamadóirí nua isteach air agus chuala muid guthanna as fud fad na tíre nár chuala muid go dtí seo ag Liú Lúnasa.

Bhí achan fhile paiseanta faoin teachtaireacht s’acu féin. Bhí ceisteanna féiniúlachta, agus an éagóir a dhéantar ar an bhonn sin, láidir mar théama i mbliana, bíodh inscne, claonadh gnéis nó féiniúlacht náisiúnta ann. Bhí dánta ann fosta faoin neamart atá á dhéanamh ar cheantair thuaithe agus faoin choróinvíreas.

Is í Sinéad Ní Thuamáin a thug léi an chraobh as a dán ‘Daoine Gan Mhaith’. “D’imigh an grá, d’imigh an comhluadar. Táimid uilig inár n-aonar taobh thiar de scáileán. Smart phones but stupid people,” ar sí. Dúirt Séamus Barra Ó Súilleabháin, a bhí i mbun moltóireachta, go raibh caint “oiliúnta, bhríomhar, ghaoismhar a bhí chomh nádúrtha le comharsa ag caint leat le hais an gheata” in iarracht Shinéad. Bronnadh an dara duais ar Sam Ó Fearraigh as ‘Mise Aerach’, ar athmhúnlú é ar dhán an Phiarsaigh ‘Mise Éire’. Is í Ciara Ní hAodha a bhí sa tríú háit lena dán ‘Smaointe faoi Chíocha’. Fuair Áine Durkin moladh as a dán faoi fhreagracht an phobail i leith an choróinvíris, ‘An Séantóir’.

Is seoid é an Slam Filíochta i bhféilire na nGael ach tá mórán daoine ann nach bhfuil ar an eolas faoi go fóill. Cuir uair an chloig ar leataobh an tseachtain seo agus tabhair spléachadh air – ansin cuir ar aghaidh chuig do chairde é.