Bhí seisiún ag Scoil Gheimhridh Uí Chadhain, a d’eagraigh Glór na Móna an deireadh seachtaine seo caite, ar an Ghaeilge agus díchoilíniú. In 1986 scríobh an t-údar Céiniach Ngũgĩ wa Thiong’o gurb é an buama cultúrtha’ an t-arm is cumhachtaí atá ag an choilíneoir le meanma aon phobal a sheasann an fód ina aghaidh a bhriseadh (Decolonising the Mind: the Politics of Language in African Literature).

Ar sé, ‘An muinín agus an mórtas atá ag pobal as a n-ainmneacha, a dteangacha agus a dtimpeallacht féin, as oidhreacht na streachailte, as a n-aontacht lena chéile, as a gcumais féin agus, go deimhin, astu féin, is í an mhuinín sin a scriostar mar thoradh ar an bhuama chultúrtha.’ 

Cé go bhfuil féinriail agus neamhspleáchas bainte amach i gcuid d’Éirinn, tá col ag an stát ó dheas agus ag an bhunaíocht ansin leis an Ghaeilge. Tá an stát ó thuaidh naimhdeach don teanga agus tá polasaithe claonta i bhfeidhm ó bunaíodh é lena coinneáil faoi chois.

Mar sin féin, tá pobal na Gaeilge i mBéal Feirste i ndiaidh céimeanna móra chun cinn a thabhairt le leathchéad bliain anuas, go háirithe leis an teanga a athbheochan agus a láidriú. Bhí cuid de na daoine radacacha céanna a bhunaigh Gaeltacht Bhóthar Seoighe i measc bhunaitheoirí an Andersonstown News.

Rinne siad atógáil ar Shráid Bombay agus bhí ról lárnach acu i mbunú Gaelscoileanna agus tiomsú airgid le múinteoirí a fhostú san am nach raibh an Roinn Oideachais sásta cúnamh airgeadais a thabhairt. D’fhreastail mé féin ar scoil Bhéarla i dtuaisceart Bhéal Feirste ina raibh múinteoirí Gaeilge den scoth a spreag go mór sinn leis an teanga a labhairt taobh amuigh den seomra ranga.

Bhí mé sa séú bliain nuair a bhuail mé le Liam Andrews den chéad uair ag ceolchoirm scoile. Bhí aithne aige féin agus ar mo mháthair ar a chéile óna laethanta ar an ollscoil agus is é a chuir ar an eolas sinn faoin ionad úr Gaeilge nach raibh oscailte i bhfad i seaneaglais Phreispitéireach an Bhealaigh Leathain. Bhí doirse arda adhmaid Chultúrlann McAdam Ó Fiaich mar thairseach isteach sa chineál saoil a shantaigh mé – siamsaíocht, gnó agus eile á ndéanamh ag achan duine trí mheán na Gaeilge.

Cúpla bliain ina dhiaidh sin fuair mé jab samhraidh sa Chultúrlann agus nochtadh dom go raibh daoine ag scríobh scéalta nuachta agus ag díol fógraí trí mheán na Gaeilge. Go raibh daltaí ag déanamh ranganna eolaíochta agus ealaíne agus go raibh grúpaí drámaíochta ag dul ar camchuairteanna ar fud na tíre.

Go raibh obair ar siúl le cearta teanga a bhaint amach. Bhí stáisiún raidió, bialann, siopa leabhar, dánlann, ceolchoirmeacha agus féilte ann. Tá aistear mór déanta le caoga bliain anuas ag an phobal. Na leanaí atá ag teacht ar an tsaol anois, thiocfadh leo a saol uilig a chaitheamh sa chathair seo trí mheán na Gaeilge.

Tá seirbhísí ann do thachráin agus dá dtuismitheoirí. Tá foirne faoi aois ag Laochra Loch Lao CLG ina dtig le páistí a bhfuil dúil sa spórt acu mian a gcroí a chomhlíonadh. Tá Aisling Óg ann dóibh siúd atá ar an bhunscoil agus a bhfuil féith na drámaíochta iontu. Tá déagóirí in ann a mbuanna ceannasaíochta a fhorbairt sna cumainn óige éagsúla agus is féidir oideachas tríú leibhéal a fháil i nGaeilge agus ansin dul isteach i bpost de chineál ar bith agus an teanga a labhairt ó lá go lá.

Bíonn daltaí Ghaelchúrsaí ag fáil oiliúna i ngairmeacha éagsúla san earnáil fáilteachais, ilmheán agus áilleachta. Taobh amuigh de réimsí na hoibre agus an oideachais tá achan sórt siamsaíochta agus caitheamh aimsire ar fáil don chainteoir Gaeilge.  Ach ní hí an teanga féin an rud is tábhachtaí.

Tá tionscnaimh phobail idir lámha ag grúpaí ar fud na cathrach a chumasaíonn daoine trí scileanna úra a fhoghlaim dóibh agus deiseanna a thabhairt dóibh a bhféinmhuinín a threisiú. Mar a dúirt Ngũgĩ, ní hamháin gur bealach cumarsáide atá i dteanga, ach is iompróir cultúir í fosta. Tá an aithne atá againn orainn féin, ar dhaoine eile agus ar an domhan thart orainn bunaithe ar an teanga trína ndéanaimid amhlaidh.

Tá dearcthaí agus tuairimí éagsúla againn uilig, ach tá an Ghaeilge mar shnáithe a choinníonn le chéile sinn mar phobal.  Tá toradh na hoibre a bhí ar siúl le leathchéad bliain anuas agus tuilleadh ag pobal na Gaeilge aibí, súmhar, blasta, agus rachaidh sé i méid sna blianta atá amach romhainn.

An té a rugadh isteach i saol an Bhéarla, thig léi a saol iomlán a chaitheamh anois trí mheán na Gaeilge, agus ní beag an dul chun cinn é sin.