Bhí barúil mhaith againne a d’fhan inár suí go mall ag amharc ar na ciceanna pionóis lenar socraíodh cé a chrochfadh leo trófaí Euro 2020 nach scéal an tsacair féin a bheadh i mbéal na n-anailíseoirí is na dtuairimeoirí an maidin dar gcionn. Thuig muid nach scéal na foirne buacaí a bheadh ar an scéal nuachta ba mhó.

Ar an drochuair, a luaithe is a bhí an cluiche thart, chuaigh dream ciníoch as measc lucht leanúna Shasana ar an ionsaí ar na meáin shóisialta in aghaidh an triúr imreoirí óga óna dtír féin nár aimsigh an sprioc i mbomaití deireanacha an chraobhchluiche. Fá am lóin Dé Luain, bhí a chuntas Instagram druidte síos ag Bukayo Saka, siocair nach dtiocfadh leis an fuath agus an naimhdeas a fhulaingt níos mó, is cosúil.

Is iomaí duine as achan réimse den tsaol a cháin go géar lucht an chiníochais agus a léirigh tacaíocht do Marcus Rashford, Jadon Sancho agus Saka, ina measc Ardeaspag Canterbury, iarchaiftín Shasana Alan Shearer agus an FA.

Dúirt an FA gur chuir an ciníochas a díríodh ar na peileadóirí ‘alltacht’ orthu agus go seasfadh siad leo siúd a bhí thíos leis. D’impigh siad ar an rialtas gníomhú go pras chun "an reachtaíocht chuí a thabhairt isteach le go mbeadh iarmhairtí san fhíorshaol leis an drochíde". Tharraing siad aird ar na cuideachtaí a reáchtálann na meáin shóisialta fosta agus thug siad a ndúshlán lucht na drochíde a chosc agus fianaise a bhailiú le go bhféadfaí iad a chúiseamh.

SAMHNAS AR PHATEL

Thug Priti Patel, Rúnaí Baile rialtas na Breataine, le fios ar Twitter go raibh samhnas uirthi. Dúirt sí nach bhfuil drochíde ar bhonn cine ar dhóigh ar bith inghlactha agus go seasfaidh sí leis na péas agus iad ag iarraidh an dlí a chur ar na ciontóirí.

Ach, fan. Cad é seo? Priti Patel ag cur in iúl go ngoilleann an ciníochas a imríodh ar pheileadóirí Shasana uirthi, agus í i gceannas ar roinn rialtais atá ag ceapadh agus ag cur i bhfeidhm polasaithe atá ciníoch? An bhean chéanna a rinne beag is fiú den ghníomh frithchiníoch – dul síos ar ghlúin amháin – a rinne foireann Shasana roimh a gcluichí uilig in Euro 2020?

Ar ndóigh, is daoine de dhath agus de mhionlaigh eitneacha an dream is mó a n-imríonn a leithéid de chleachtais drochthionchar orthu. Iadsan is mó a bhíonn thíos le leithcheal agus próifiliú ar bhonn cine.

Tá sé mar pholasaí ag rialtas na Breataine ‘timpeallacht dhoicheallach’ a chruthú d’inimirceoirí agus do lucht iarrtha tearmainn, rud atá mídhaonna. Tá rochtain ar fhostaíocht agus ar thithíocht srianta agus is doiligh cuntas bainc a oscailt. Tá an próiseas inimirce fadálach, costasach agus is ar chomhlachtaí príobháideacha atá dlíthe inimirce a chur i bhfeidhm.

Mar shampla, bíonn ar aerlínte, cuideachtaí farantóireachta, fostóirí, tiarnaí talaimh, ollscoileanna agus dochtúirí seiceálacha a dhéanamh maidir le stádas inimirce a gcustaiméirí, tionóntaí, mac léinn agus othar. Ar ndóigh, is daoine de dhath agus de mhionlaigh eitneacha an dream is mó a n-imríonn a leithéid de chleachtais drochthionchar orthu. Iadsan is mó a bhíonn thíos le leithcheal agus próifiliú ar bhonn cine.

SEIRBHÍSÍ SÓISIALTA GAN BAGAIRT

D’fhoilsigh an Institiúid um Thaighde ar Bheartas Poiblí (IPPR) gormchló i mí Feabhra i mbliana. Moltar ann, i measc rudaí eile, an fhreagracht as seiceálacha inimirce a aistriú ó oibrithe ar an líne thosaigh ar ais chuig an rialtas. Moltar fosta cinnte a dhéanamh de gur féidir le gach duine atá ina chónaí sa Ríocht Aontaithe úsáid a bhaint as seirbhísí poiblí leighis agus seirbhísí sóisialta gan a bheith buartha go bhfuil bagairt ann go gcuirfear fios ar an Home Office.

Más fíor go ngoilleann an ciníochas an oiread sin ar an Aire Patel, tá cumhachtaí móra aici chun deireadh a chur le ciníochas institiúidiúil agus an saol a fheabhsú go mór dóibh siúd atá thíos leis. Mura ndéanfaidh sí amhlaidh, bhuel, is cosúil go bhfuil an ceart ag na hanailíseoirí a chuireann fimíneacht ina leith.