FEAR ildánach, ilteangach é Pádraig Ó Maolchraoibhe, nó Pat Rice. Is minic é le cluinstin ar Raidió Fáilte ag cur clár dátheangach ceoil i láthair in éineacht lena bhean chéile, Martita, arb as Eacuadór di. “Tá Martita an-eolach ar cheol a tíre féin agus ar cheol Mheiriceá Laidineach. Tháinig muid ar ais ó chuairt ar Eacuadór luchtaithe le dlúthdhioscaí. Tá 85 uair an chloig déanta againn don raidió.”

Bhí Pádraig ina chomhairleoir i gComhairle Lios na gCearrbhach ó 1985 go 1997 agus is i gcarr armúr plátáilte agus faoi veist philéardhíonach a théadh sé chuig na cruinnithe. “Thig liom a rá leat nach áit chompordach do chomhairleoir Shinn Féin é Lios na gCearrbhach i lár na n-ochtóidí. Rinneadh ionsaí fisiciúil orainn, mé féin agus Damien Gibney. Chríochnaigh an bheirt againn suas san ospidéal. An polasaí a bhí i 1985 ag an DUP ná Smash Sinn Féin. Thuig a lucht leanúna é sin go litriúil. Ach níor éirigh leo.”

Chaith Pádraig ceithre bliana ag teagasc Béarla in Donostia i dTír na mBascach. “Aimsir Franco a bhí ann agus is Spáinnis den chuid is mó a bhí á labhairt.” Tá Bascais foghlamtha ó shin aige agus beidh gearrscéalta Bascaise a d’aistrigh sé go Gaeilge le léamh ar leathanaigh an nuachtáin seo sna seachtainí beaga atá amach romhainn. 

Tá aithne i mBéal Feirste ar Phádraig Ó Maolchraoibhe mar mhúinteoir a chuir 26 bliana isteach ag teagasc na Gaeilge agus na Spáinnise i gColáiste Muire na mBráithre Críostaí ar Bhóthar an Ghleanna. Is le linn dó bheith ag obair ann a chuir sé aithne ar bhean óg as Eacuadór a tháinig anseo le bheith ag obair mar chúntóir teanga. D’éirigh cairdeas mór eatarthu agus tamall i ndiaidh gur cailleadh céad bhean chéile Phádraig go tubaisteach, Pádraigín, chuaigh sé ar saoire go Eacuadór, áit ar bhuail sé le Martita, máthair a chomhghleacaí agus bean a phósfadh sé lá níos faide anonn.

Nuair a chuireann sé na turais ar fad le chéile, tá fad trí bliana go leith san iomlán caite ag Pádraig in Eacuadór agus tá leabhar úrnua leis faoin tír álainn ar an mheánchiorcal á fhoilsiú an tseachtain seo ag Coiscéim. “Leabhar taistil, ach ní treoirleabhar taistil” atá ann agus “slisíní” de shaol an údair féin fite ann. 

Pádraig Ó Maolchraoibh
2Gallery

Pádraig Ó Maolchraoibh

“Deir mo bhean chéile, Martita, go bhfuil ceithre dhomhan in Eacuadór,” ar Pádraig. “Abhantrach na hAmasóine, arb í an tríú cuid den tír í; na hAindéis mhórthaibhseacha a ritheann síos fríd an tír uilig; cósta fada an Aigéin Chiúin, agus Oileáin Galápagos. Thaistil muid chuig na réigiúin sin ar fad.”

Astu siúd, is í abhantrach na hAmasóine an ceantar is fearr leis. “Tá dufairí agus aibhneacha ollmhóra ann. Rinne muid taisteal fada ar abhainn Napo, turas 10 n-uair an chloig ar bhád bus. As trí scór duine ní raibh de strainséirí ann ach mise. Ba dhúchasaigh iad na daoine eile a raibh cónaí orthu ar bhruach an Napo.”

Agus é i mbun taistil thar na blianta, thaifid Pádraig nótaí béil ar chaisíní agus bhí trí dhosaen téip aige sa deireadh. Bhí sé spreagtha ag an tírdhreach agus ag na gnéithe den tsaol a bhí iontach éagsúil leis an domhan a raibh sé cleachtaithe leis sa bhaile agus thapaigh sé an deis cur síos orthu. “Thaistil muid beagnach i gcónaí ar bhusanna, dhá uair is fiche ar bhus in amanna. Bhínn ag cur suime go háirithe sna daoine, sna rudaí a bhí an-difriúil. Is seó ar leith na busanna! Nós aisteach atá acu – bhuel, níl a fhios agam cad é atá aisteach – ná bia don bhóthar a thabhairt leo. Tugann siad leo é nó ceannaíonn siad ar an bhus é. Tá an nós sin ag Martita. Nuair a théann sí isteach i lár na cathrach i mBéal Feirste, bíonn cúpla neachtairín nó oráiste léi!”

Tá caibidil ar leith sa leabhar faoi na busanna. Tá caibidil eile ann faoi na teangacha in Eacuadór. Labhraítear dosaen teanga ann taobh amuigh den Spáinnis. D’fhoghlaim Pádraig méid áirithe Kichwa, teanga impireachta a dhaingnigh na hIncigh a bhí ann céad bliain roimh na Spáinnigh. “Tá an chuid is mó de na teangacha beag agus scoite amach. Tá 60,000 cainteoir Shuar ann agus roinnt mílte nó roinnt céadta ag labhairt na dteangacha eile. Tá cuid acu iontach láidir sa mhéid is go bhfuil siad ag gach duine ón pháiste is óige ar aghaidh. Brathann sé sin ar iad a bheith scoite. Nuair a chailltear teanga – agus tharla sin le bliain anuas – bogann siad go Kichwa seachas Spáinnis.”

Deir Pádraig go bhfuil “drochstair ag Meiriceá Laidineach ó tháinig na Spáinnigh”. Ar sé, “Nuair a fuair tíortha saoirse ón Spáinn, le fírinne is garpháistí agus araile, sliocht na Spáinne, is mó a fuair an tsaoirse sin. Cé go mbíonn cuid mhaith cainte ar an laochras a bhain leis, níor athraigh rudaí mórán ar an drochuair. Bhí tréimhse 10 mbliana ann ó 2007 go 2017 ina raibh rialtas sóisialach ann, chan Cumannach ná Marxach, ach rialtas a bhí ag iarraidh an welfare state a bheith ann – seans a bheith ag na bochtáin oideachas a fháil, seans a bheith acu ar shláinte. Ar deireadh tháinig deireadh leis sin. Inniu tá an eite dheis i gcumhacht. Rinneadh dul chun cinn sa deich mbliana sin ach tá an t-uachtarán atá anois ann ag tiontú an chloig ar ais. Ba mhaith leis mionlach a bheadh saibhir agus go maith as.” 

Cé go bhfuil dlúthbhaint ag Pádraig le saol na Gaeilge i mBéal Feirste, is as Alt Mhic Sheáin dó, baile fearainn ar an taobh thuas de Loch Camlocha i ndeisceart Ard Mhacha, áit a raibh feirm bheag ag a mhuintir. Tá sé ag súil go mór le daoine dá chlann Eacuadórach agus dá chlann Éireannach a fheiceáil an Satharn beag seo nuair a sheolfaidh Máirtín Ó Muilleoir an leabhar, ‘Ar Chrios na Cruinne: Gael in Eacuadór’. 

Beidh an ócáid seolta, atá á heagrú ag An Ceathrú Póilí, ar siúl i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich Dé Sathairn 18 Nollaig ar 1pm agus beidh cóipeanna de ‘Ar Chrios na Cruinne: Gael in Eacuadór’ á síniú ag Pádraig. Tuilleadh eolais le fáil ach scairt a chur ar 028 9032 2811.