Seoirse Ó Dochartaigh (1946 - 2025)
Fear uasal ildánach a bhí i Seoirse Ó Dochartaigh – scríbhneoir bísiúil, amhránaí binn, cumadóir agus cóiritheoir ceoil cruthaíoch, ealaíontóir spreagúil, ginealeolaí agus taighdeoir.
Rugadh i mBéal Feirste é i 1946 ach chaith sé bunús a shaoil i gContae Dhún na nGall, contae dhúchais a athar. Chaith sé tréimhsí mar mhúinteoir ealáine in Ard Mhacha, áit dhúchais a mháthar (1971-5), i mBéal Feirste (1975-7) agus i Scoil na Mainistreach i mBaile Dhún na nGall (1977-2001). Ba in Inis Eoghain, dúiche grámhar a mhuintire, a chónaigh sé go sona ó shin ag déanamh taighde, ag scríobh, ag cumadh, ag canadh agus ag péinteáil.
D'eisigh Seoirse 25 diosca agus amhráin go leor eile i bhfoirmeacha éagsúla le blianta anuas. Bhí a shaothar ar fad curtha ar fáil go snasta ar na dioscaí iad féin agus ar a shuíomh www.seoirse.com - cúlra na n-amhrán, na focla, aistriúcháin, agus nótaí eile. Rinne sé iad uilig a eisiúint ar Errigal Records. Ba é féin a rinne an cóiriú ar na hamhráin agus a cheol go binn iad le tionlacan giotáir agus scoth na gceoltóirí agus na n-amhránaithe eile ina chuideachta go minic. Bhí a shaothar ar fad ar an chaighdeán is airde.
Bhí tuigbhéal iontach ag Seoirse ar an amhránaíocht. Nasc sé ceol traidisiúnta na hÉireann le ceol clasaiceach na tíre seo agus an domhain. Bhí cuid ceoil Mozart agus Handel, Schubert agus Bach, Mozart agus Vivaldi measctha le foinn thraidisiúnta agus le hamhráin na Gaeilge. D’fhoilsigh sé cúpla eagrán de Sunlight and Shadow. A Listener’s Guide to Irish Classical Music, saothar éachtach taighde, cumadóireachta agus scríbhneoireachta.
Ba seo cuid den mhéid a scríobh Cathal Ó Searcaigh nuair a d’eisigh Seoirse an dlúthdhiosca Oíche go Maidin i 1994: ‘Seo ealaíontóir eile de chuid Dhún na nGall, oirfideach ildánach a bhfuil sé d’éirim agus d’anam ann ár dtodhchaí a fhí as ár ndúchas. Agus tú ag éisteacht leis an taifeadadh seo airneál anama a bheas á dhéanamh agat istigh i gclúid sheascair an tseanamhráin … mothaíonn muid glór ár gcine i do ghuthsa, a Sheoirse, bheir muid faoi deara a n-uaisleacht i do chuid béasaí agus a n-uaigneas i do chuid véarsaí’.
D'fhág Rann na Feirste a lorg go smior ar shaothar Sheoirse. Chaith sé blianta i gColáiste Bhríde mar scoláire agus mar mhúinteoir ceoil sa choláiste ina dhiaidh sin. Ba seo mar a scríobh sé faoin áit agus é ag cur an diosca A Chraoibhín Aoibhinn Álainn Ó os comhair an phobail i 2019: ‘D’fhoghlaim mé níos mó ná leath an mhéid ata ar an diosca seo i Rann na Feirste le linn domh a bheith ansin i mbun ceoil i gColáiste Bhríde. Daoine speisialta ata iontu, bunadh Cheann Dubhrann, agus saibhreas iontach acu. Tá mé faoi chomaoin acu, idir óg agus aosta, as an cheol, an seanchas agus an scéalaíocht a bronnadh orm go fial fairsing. Tá bua acu nach bhfuil ag mórán eile’.
D’fhoghlaim sé amhráin ó Hughie Phádaí Hiúdaí (Aodh Ó Duibheannaigh) agus ó amhránaithe eile.
Thaifead sé féin cuid mhór de chuid amhráin an cheantair. Is dóigh liom go bhfuil a leagan de Tráthnóna Beag Aréir a chum Séamus Ó Grianna ar an taifead is fearr a rinneadh ar amhrán chlúiteach ghrá Mháire.
Is ag ceiliúradh leathinis Inis Eoghain a bhí Seoirse ina chuid leabhair uilig – 16 ar fad. Rinne sé taighde ar feadh na mblianta ar ghnéithe éagsúla de stair Inis Eoghain – na teaghlaigh, na logainmneacha, na póstaí, na sloinnte. D’fhoilsigh sé toradh a thaighde go rialta i leabhair snasta scolártha.
Cé nach raibh an tsláinte go maith aige le tamall, bhí sé ag scríobh go deireadh.

D’fhoilsigh sé As I was going through Inishowen, sraith de dhánta grinn faoin cheantar, i mí Lúnasa 2025 ‘a collection of insightful and hilarious local verse, all illustrated beautifully with sketches by Maeve Peoples’. An mhí seo caite, sheol sé a leabhar dheireanach Blue Murder in Moville; A Whodunnit from Inishowen. Rinne sé taighde chomh maith ar logainmneacha taobh amuigh den chontae. Scríobh sé Know Your Place An Exploration of the Place Names of Ireland, leabhar léannta soléite faoi na logainmneacha in achan chontae in Éirinn a foilsíodh i 2021. Caithfidh sé gurb annamh nach raibh sé i gceann an phinn nó an cheoil nó na healáine.
Bhain Seoirse aitheantas amach mar ealaíontóir sa tír seo agus thar lear agus tá cuid den obair ealáine sin le fáil ar a chuid dioscaí agus ina shaothar liteartha. Ba tírdhreach agus oidhreacht chultúra Dhún na nGall a spreag é: ‘He was attracted by the local landscape and its flora; his paintings are replete with heather, fern, gorse, blackthorn blossom, bog cotton, in a multi-coloured abstracted form’. Bhí taispeántais go leor aige sa bhaile agus i dtíortha eile. Bhí ráchairt mhór ar a chuid cardaí poist ealaíonta agus ar a chuid priontaí mínealáine.
Chuir Seoirse cóip chugam de Ciorcal Rónáin anuraidh. Dlúthdhiosca atá ann i gcuimhne ar Ronán Mac Aodha Bhuí a fuair bás go hóg ar an 19 Meán Fómhair 2023. Chomh maith le leaganacha úra de An Ghiobóg, Is fada liom uaim í agus An Fhalaingín Mhuimhneach, chum Seoirse píosa ceoil don ghiotár dár teideal Ciorcal Rónáin. Bhí meas mór ag Seoirse ar Ronán. Scríobh sé sna nótaí ar an diosca: ‘Mhothaigh tú an grá a bhí aige duit, agus an meas a bhí aige ort, taobh istigh den chéad bhomaite ina chuideachta. Ba dhoiligh an rud é gan a bheith i ngrá le Ronán Mac Aodha Bhuí’.
Fear uasal séimh a bhí i Seoirse, aoibh an gháire air i gcónaí, é lách, garach, i dtólamh. Is cuimhin liom go fóill an chéad uair a casadh orm é in Óstán Radharc an Eargail i nGaoth Dobhair agus mé i mo dhéagóir ag tús na seachtóidí. Focla a chara Seán Bán Mac Grianna a thig liom agus muid ag fágáil slán ag Seoirse, an fear modhúil agus an scoláire ildánach a raibh a chroí istigh i ndaoine agus ina oidhreacht luachmhar a chaomhnaigh sé agus a shaibhrigh sé go lá a bháis:
Beidh sonas agus saoirse agus aoibhneas ar Neamh againn,
‘S gan scaradh ar ár n-anamnaibh go deo ann;
Faoin chrann is milse toradh dár fhás ariamh san abhaill,
Órú caithfidh muid an tsíoraíocht go glórmhar.
Crothnóidh muid uilig é ach go háirithe a chéile ionúin Kathryn agus a chlann.



