Tuairim is 6 seachtaine ó shin bhain an t-iriseoir Donie O’Sullivan clú mór amach ina thír dhúchais mar gheall ar na tuairiscí a rinne sé ar CNN an lá a ndearnadh ionsaí ar an Capitol in Washington D.C. Agus racán is réabhadh ag dul ar aghaidh ina thimpeall, d’fhan fear Chathair Saidhbhín socair suaimhneach, rud a chuaigh go mór i bhfeidhm ar lucht féachana an stáisiúin teilifíse. Bhí sé á mholadh is á mhóradh i ngach cearn agus shílfeá go raibh an saol ar a thoil aige.
 
Bhí lucht leanta Trump spréachta. Bhí siad tagtha chun na príomhchathrach leis na Stáit Aontaithe a chosaint, dar leo. Nuair a fuair siad an deis labhairt ar CNN agus a dtuairimí a chur in iúl, thapaigh siad é.
 
Tá cuma seort neamhurchóideach ar an Súilleabhánach. Tá sé óg, 29 mbliana d’aois, agus de réir a thaithí féin, taitníonn a bhlas cainte Éireannach fiú leis na daoine is mó a shamhlófá a mbeadh col acu le CNN. Nár fhógair Trump gurb iad ‘an namhaid’ iad agus nach mbíonn idir lámha acu mar chraoltóirí ach ‘bréagnuacht’ a scaipeadh. Ach bhí  rud inteacht i ndreach agus in iompar Donie O’Sullivan a chuir na hagóideoirí ar a gcompord an lá sin agus a mheall iad le labhairt go hoscailte faoi theoiricí comhcheilge agus faoi bhradaíl na nDaonlathach sna toghcháin, dar leo. “An ábhar bróid duit an méid a thit amach inniu?” an chéad cheist a chuir sé orthu. Ceist mhaith óir ní léir go raibh sé ag tabhairt aon bhreithiúnas bealach amháin ná bealach eile orthu. Agus d’éist sé leis na freagraí.
 
Léirigh muintir na hÉireann bród agus cion as cuimse don Chiarraíoch chaoin sna laethanta agus sna seachtainí beaga i ndiaidh dó bheith le feiceáil ar scáileáin ar fud an domhain i mbun a cheirde mar iriseoir. An lá dar gcionn, bhuail tuairisceoir eile, Seán Mac an tSíthigh ó Nuacht TG4, cnag ar dhoras a thuismitheoirí i gCathair Shaidhbhín chun an scúp a fháil faoi óige Donie. Mhol iarmhúinteoir go hard na spéire é, agus bhí sé ar an Late Late féin.

An deireadh seachtaine seo caite, bhí móragallamh le Donie ar an Irish Times, ach ní cúrsaí QAnon ná cur isteach na Rúise ar thoghcháin SAM an t-ábhar a bhí idir chamáin. Phléigh fear Chiarraí an streachailt uafásach, leanúnach atá aige le himní agus leis an ghalar dhubhach. “Is scáfaire i bhfad an t-anord a bhíodh i m’aigne ná an chíréib ag an Capitol,” ar sé ag cur síos ar na tréimhsí ba mheasa.

Chuir sé síos ar an tréimhse inar thosaigh a fhadhbanna meabhairshláinte. Bhí sé ag dul do mháistreacht sa pholaitíocht in Ollscoil na Banríona agus ag obair ar Chnoc an Anfa ag an am céanna. Thagadh scaoll faoi ar a dhúiseacht dó ar maidin agus ba ghnách leis caitheamh aníos cúpla uair sa lá le teann imní. Bhrisfeadh sé do chroí léamh faoin ‘tráthnóna álainn samhraidh’ a chaith sé ina shuí ina sheomra leapa go huile is go hiomlán fríd a chéile. Thosaigh sé ag dul chuig seisiúin chomhairleoireachta agus é i mBéal Feirste, nuair nach raibh sé ach 21 bhliain d’aois, agus tá sé go fóill ag dul dóibh anois go bhfuil sé i Nua-Eabhrac. Tá straitéisí eile aige fosta lena chinntiú nach rachaidh snaidhmthe sna smaointe duairce.
 
Aithníonn Donie O’Sullivan go bhfuil gean ag muintir na hÉireann dó agus go bhfuil ár n-aird againn air faoi láthair. Tuigeann sé fosta nach mairfidh an tsuim seo ach seal. Sin an fáth a bhfuil sé ag labhairt go poiblí anois faoina fhadbanna meabhairshláinte agus faoin eagla a thagann air go rialta. Is mian leis cuidiú le daoine eile. Nach mór an misneach atá aige. Tá sé ag plé leis an duibheagán, ní hamháin ina ghairm iriseoireachta, ach ina aigne féin fosta, ach tá ag éirí leis na constaicí uafásacha seo a shárú lá i ndiaidh lae. Eiseamláir é a léiríonn gur féidir theacht slán as na tréimhsí is measa sa tsaol. Tugann sé inspioráid dúinn féin.