TÁ an t-am seo bliana ar an tréimhse is deise ar fad ó thaobh solas na spéire de. Ar maidin nuair a d’oscail mé an cuirtín ar an doras tosaigh, nochtadh dom scamaill thiubha ildaite faoi ghrian bhog na maidne. Bhí baill órga i measc na néalta ar dhath na péitseoige. Os a chionne sin bhí spléachadh le fáil ar an ghorm shéimh. Fán am a raibh mé ar mo bhealach isteach chun na hoibre, bhí ceobhrán ar bharr shleasa thuaidh Bheann Mhadagáin ag éirí agus ag scaipeadh de réir mar a chuaigh an teocht in airde, ag nochtadh páirceanna rua agus glasa rannta suas le línte de sceacha.

Tá séasúr an fhómhair imithe i bhfaide, shílfeá, agus tá moill i mbliana ar theacht an gheimhridh. Tá comharthaí éagsúla le sonrú sa timpeallacht. Tá rósanna nua i ndiaidh bláthú i ngairdín mo mháthar. Agus mé i mo shuí sa seomra suite an lá cheana, na dallóga druidte mar scáth ar ghathanna ísle, uisciúla na gréine, bhí scáil féileacáin le feiceáil ag preabadach feadh na fuinneoige.

Tá na héin ar ais. Bhí scliúchas ann ar maidin agus ceann mór dubh ag cur ruaig ar chinn níos lú. Tá duilleoga go fóill ar go leor de na crainn a bheadh lom de ghnáth fán am seo bliana. Agus ní raibh an cóta mór ná scairf orm mórán go fóill. Ceann de na chéad cheachtanna a fhaigheann an foghlaimeoir Gaeilge ná dóigheanna le labhairt ar an aimsir. Is beag lá a théann thart nach mbíonn tagairt againn inár gcuid comhráití do chúrsaí aimsire. ‘Tá sé sioctha, nach bhfuil.’ ‘Níl sé chomh fuar sin inniu.’ ‘Lá galánta atá ann.’

Chuaigh mé ag fiosrú agus in alt ar The Irish Times le Kevin O’Sullivan (02/11/22) deirtear go raibh Deireadh Fómhair 2022 ar an 17ú mí as a chéile ina raibh sé níos teo ná mar is gnáth in Éirinn. Bhí an teocht idir 1.2 agus 2.2 céim Celsius os cionn na meánteochta míosúla ag 25 de na stáisiúin aimsire is mó atá ag Met Éireann. Tá an t-athrú ar an aeráid ag imirt tionchair ar an aimsir agus is dóigh leis na meitéareolaithe go dtiocfaidh méadú ar líon na laethanta teo sa bhliain, treocht atá ann gach deich mbliana ó bhí na 1850idí ann. Meastar go mbeidh níos mó stoirmeacha móra againn fosta.

Bhí an chomhdháil mhór idirnáisiúnta aeráide, COP27, ar siúl in Sharm-el Sheik cúpla seachtain ó shin. D’eisigh Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe tuarscáil roimh an chomhdáil ina dtugtar le fios nach bhfuil bealach réadúil ar bith anois ann leis an ardú ar theocht an domhain a choinneáil faoi 1.5 céim Celsius. Má ghabhtar thar an tairseach sin, beidh na milliúin daoine ar fud na cruinne i gcontúirt. Dar leis na heolaithe, ó bhí COP26 ann i nGlaschú bliain ó shin nach bhfuil a ndóthain déanta ag rialtais ar fud an domhain, ná baol air, lena gcuid pleananna féin maidir le carbón a ísliú. Deirtear sa tuarascáil gur gá an tsochaí a athrú ó bhonn leis an tubaiste a choinneáil ó dhoras.

Ábhar machnaimh é cén t-athrú a bhfuilimid féin sásta a chur i ngníomh agus a éileamh.

Dúshlán don bhliain úr atá amach romhainn.