Ní bean mhór spóirt mé. Ní imrím spórt agus níor imir riamh le fírinne, diomaite de shamhradh amháin ar fhoireann sacair na sráide s’againne i gcraobhchomórtas in aghaidh shráid chol ceathracha na gcomharsana béal dorais. Ní miste liom amharc ar chorrchluiche camógaíochta nó iomána, ná giotaí beaga anois is arís achan cheathrú bliain den ghleacaíocht nó den oighearscátáil ag na Cluichí Oilimpeacha.

Den chuid is mó, mothaím gur cur amú mo chuid ama féin atá ann suí síos os comhair na teilifíse agus amharc ar chluiche, go háirithe sacar, rásaíocht carranna Formula 1, rugbaí. 

Ní le drochmheas a deirim an méid sin. Aithním go bhfuil obair chrua curtha isteach ag na himreoirí ó bhí siad óg, ag cur uaireanta fada isteach i mbun cleachtaidh agus ag cailleadh amach ar eispéiris shóisialta lena gcomhaoisigh.

Ar feadh tréimhsín beag sa samhradh gach bliain, bhíodh an dúspéis agam féin agus ar pháistí uile na sráide ina achan ghné den leadóg agus Wimbledon ar siúl – an córas scórála; saintéarmaí mar ace, deuce, volley is top spin; na giollaí liathróide; liúnna na maor.

Tuigim go bhfuil taitneamh mór le baint as bheith ag amharc ar chluiche i gcuideachta do mhéiteanna agus gur dóigh iontach atá ann le muintearas a chothú. 

Ach ní thuigfidh mé go deo cad é atá tarraingteach fá bheith ag amharc ar scór daoine ag rith thart ar pháirc mhór i ndiaidh liathróide gan an sprioc a aimsiú ach uair nó dhó in achar 90 bomaite, mar a tharlaíonn sa sacar. Spórt rí-leadránach atá ann, dar liom, is cuma cé chomh sciliúil atá na himreoirí. Agus sílim gur mireachas glan atá sa phá a íoctar leis an chuid is fearr acu, isteach is amach le £65 milliún sa bhliain, breis agus milliún sa tseachtain, i gcás leithéidí Messi agus Ronaldo.

Tá spórt amháin ann, áfach, a cheapann m’aird agus a choinníonn gafa mé, agus seo an séasúr fána choinne. An leadóg. Spórt eipiciúil is ea é a thugann chun cuimhne an comhrac aonair idir Cú Chulainn agus a dheartháir altramais, Ferdia, in Táin Bó Cuailgne. Tá luas, láidreacht agus lúfaireacht i gceist, agus ní aclaíocht agus ábaltacht fhisiciúil amháin atá á triail ach an aigne fosta. Sna cluichí is fearr bíonn na himreoirí inchurtha lena chéile agus sa deireadh is é a gcumas aird a dhíriú ar an imirt a idirdhealaíonn ar a chéile iad agus a ligeann do dhuine amháin acu an lámh in uachtar a fháil ar a céile nó a chéile comhraic.

Ar feadh tréimhsín beag sa samhradh gach bliain, bhíodh an dúspéis agam féin agus ar pháistí uile na sráide ina achan ghné den leadóg agus Wimbledon ar siúl – an córas scórála; saintéarmaí mar ace, deuce, volley is top spin; na giollaí liathróide; liúnna na maor; an réiteoir ina shuí sa chathaoir in airde; clár draíochta na scór.

Athraíonn ainmneacha na laochra le gach glúin a thagann in inmhe. Is iad Navratilova, Evert, Graf agus McEnroe, Bjorg, Connors na gaiscígh a bhí againne. I mbliana tá Djokovic is Federer, Krejcikova is Raducanu i mbéal an phobail.

Fán am a thiocfas an dara lá déag, beidh na laochra leadóige imithe dár scáileáin. Rachaidh siadsan ar aghaidh ar a gcamchuairt ar fud cúirteanna an domhain agus imeoidh siad le ceo go cúl na haigne ag formhór mór againne go dtí an t-am seo an bhliain seo chugainn. Idir an dá linn, bainfimid sult as an iomaíocht agus as na cathanna a throidfear idir na lúthchleasaithe is iontaí dár thóg raicéad is liathróid riamh.