TÁ bearta stairiúla ag titim amach i dTeach na dTiarnaí le cúpla seachtain anuas. Tá an tríú céim bainte amach sa phróiseas le reachtaíocht a thabhairt isteach a chinnteoidh cosaint áirithe don Ghaeilge agus a chuirfidh cearta lucht a labhartha chun cinn. Rinneadh an dara léamh sa Teach ar an Bhille Féiniúlachta agus Teanga Dé Máirt agus rachaidh sé ar aghaidh chuig céim an choiste anois. Ag an chéim sin, rachfar síos tríd na leasuithe atá molta go mion. 

Ar ndóigh, níor chóir go mbeadh aon ghá lena leithéid de dhlí le cearta mionlaigh a chosaint. Ba chóir go léireodh na húdaráis agus an stát meas ar dhaoine de gach cultúr, creideamh agus cúlra, ach ní mar sin a bhíonn i gcónaí ar an drochuair.  De réir Tuairisc.ie, dúirt Tiarna Mhachaire Fíolta, Willie McCrea, go mbíonn an Ghaeilge ‘á sá i bpus’ aontachtaithe ‘gach lá’. Dúirt Willie Hay go bhfuil £170 milliún in aghaidh na bliana á chaitheamh ar an teanga cheana féin.

Sin airgead a chaithfí ar aon nós ar oideachas a chur ar pháistí fiú dá mbeadh siad ar scoileanna Béarla. Is é Tiarna Bhaile Odhar nó Bhaile Óir é an Tiarna Hay. Níl na saineolaithe logainmeacha cinnte cén bunús go díreach atá leis an leagan Béarla, Ballyore. Eolas é seo a ligeadh i ndearmad ag pointe éigin sa stair agus cuireann sé i gcuimhne dúinn gur cailleadh cuid mhór eolas uathúil, luachmhar a bhaineann ní hamháin le cultúr na ndaoine ach leis an timpeallacht agus leis an éiceachóras anseo mar gheall ar an choilíneachas. 

Maidir leis an Bhanbharún Kate Hoey, is léir ón mhéid a dúirt sise Dé Máirt go gcreideann sí gur leordhóthanach an Ghaeilge a bheith ar fáil do dhaoine atá ag iarraidh í a fhoghlaim. Ach cad é fá na cainteoirí sin inár measc a bhfuil leibhéal maith líofachta bainte amach againn cheana féin? Cad é fúthu siúd a thógtar le Gaeilge? Ní le deiseanna foghlama a bhaineann an reachtaíocht seo. Baineann sé le seirbhísí stáit.

Tarraingeodh an Prótacál isteach sa díospóireacht. Dúirt ceathrar tiarnaí an DUP a labhair gur ghá plé le ceist an Phrótacáil iar-Bhreatimeachta sula bhféadfaí dul i ngleic le ceisteanna féiniúlachta agus teanga. Má fhaigheann ‘siad siúd’ a reachtaíocht Ghaeilge, caithfidh ‘muidne’ rud éigin a fháil mar chúiteamh air sin. Tá sé suarach. Níl aon bhaint ag an dá cheist, an Ghaeilge agus socruithe trádála le dlínsí eile, lena chéile. Gealladh acht Gaeilge 16 bliana ó shin, i bhfad sula raibh aon trácht ar an Phrótacál. Dúirt na tiarnaí seo go raibh ‘uirlis chatha’ á déanamh den teanga. Tá – acusan le caint den chineál seo.  

Ba mhaith liom bheith réidh leis an alt seo chomh luath agus is féidir – ní hamháin siocair go bhfuil an t-eagarthóir ag fanacht agus an spriocam ag teannadh linn, ach fosta mar tá ag méadú ar an ghruaim agus ar an doilíos atá ag teacht orm de réir mar a chaithim am ag plé le tuairimí na dtiarnaí seo.

Níor éirigh le tiarnaí an duaircis stop a chur Dé Máirt leis an dul chun cinn i dtreo an chothromais. I gcontrárthacht leo tá na ‘sár-vaidhbs’, téarma a bhí ag comhghleacaí liom le cur síos ar an atmaisféar ar an Lá Dearg cúpla seachtain ó shin. Tá sonas agus soilíos go fóill ar na daoine a chastar orm fán Cheathrú Ghaeltachta gach lá mar gheall ar an lá galánta sin. Is fearr díriú air sin – ar an fhorbairt agus ar an fhás agus ar an obair dhearfach a shaibhríonn an saol do gach duine ar mian leo sin.