D’imigh Máirtín Ó Grianna ar shlí na fírinne an deireadh seachtaine seo caite. Fear mór spóirt ab ea é a chaith seal ina mhúinteoir corpoideachais i Scoil Thomáis. Ba pheileadóir é sna caogaidí, seascaidí agus seachtóidí le Piarsaigh CLG agus d’imir sé ar fhoireann Aontroma fosta. Foilsíodh leabhar le Máirtín Ó Grianna in 2012, Deirdre an Bhróin, ar athinsint é ar sheanscéal.

Scríobh an t-iriseoir Robert McMillen ar Tuairisc.ie faoin tionchar a d’imir Máirtín Dhónaill Fheidhlimidh Dhómhnaill Phroinsias air féin agus ar fhoghlaimeoirí eile a thathaíodh Cumann Chluain Árd. "D’alp siad an uile fhocal a d’fhoghlaim siad ó ‘dea-leabhair’ Rann na Feirste ar cuireadh a saibhreas in iúl dóibh i gcúlseomraí an Chumainn le linn na ranganna ina raibh idir ghreann agus léann," arsa McMillen. 

D’obair Máirtín leis an eagras oideachais CCEA, an Chomhairle Curaclaim, Scrúdúcháin agus Measúnaithe, a dhéanann áiseanna foghlama agus teagaisc agus páipéir scrúdaithe do lucht na ngaelscoileanna. Ba ghnách leis obair den chineál chéanna a dhéanamh don Áisaonad Lán-Ghaeilge, atá suite i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, fosta. Mar dhuine de shliocht Uí Ghrianna Rann na Feirste, an chlann is aitheanta i saol na Gaeilge ó thaobh na litríochta agus na scéalaíochta de, ba mhór an gar a leithéid de chainteoir a bheith ag obair san earnáil, go háirithe agus í i mbéal forbartha agus iarrachtaí ar siúl le cainteoirí maithe muiníneacha ilteangacha a dhéanamh de na páistí a bhí ag fáil oideachas trí mheán na Gaeilge.

COMRÁDRAITHE MÓRA ANOIS AR LÁR: Albert Fry (ar clé) agus Máirtín Mac Grianna
2Gallery

COMRÁDRAITHE MÓRA ANOIS AR LÁR: Albert Fry (ar clé) agus Máirtín Mac Grianna

Dúirt Pól Mac Fheilimidh, a bhíodh mar bhainisteoir ar an Áisaonad agus a bhí mar dhuine de na heagarthóirí ar an Concise English Irish Dictionary, gur dhuine uasal a bhí i Máirtín agus go raibh sé "séimh, lách, cairdiúil i gcónaí". Chuir fear an fhoclóra aithne ar Mháirtín agus é go fóill ar scoil sna seachtóidí agus ag freastal ar ranganna Gaeilge do lucht an Ardleibhéil i gCumann Chluain Árd. 

"An rud is mó a rinne Máirtín agus Albert, a bhí mar chara mór aige," ar sé, "ná gur thug siad amach as an seomra ranga muid agus gur thoisigh muid ag foghlaim na teanga mar theanga. Theagasc Máirtín dúinn rialacha gramadaí agus foghraíocht, ach i ndáiríre is saibhriú a bhí i gceist. Bhíodh leabharthaí dá chuid uncailí aige – Séamus Ó Grianna agus Seosamh Mac Grianna – agus dhéanadh sé mionbhriseadh síos ar na frásaí iontu agus thugadh sé trí cinn eile a bhí ar eolas aige dúinn fosta."

Mhínigh Mac Fheilimidh gur tháinig cuid mhaith den ghlúin sin de Fheirstigh atá anois sna caogaidí malla nó sna luathsheascaidí agus atá ag obair leis an Ghaeilge, gur tháinig siad faoi thionchar Mháirtín agus gur éirigh leo ardchaighdeán teanga a bhaint amach fán am a raibh siad ag fágáil na scoile agus ag tabhairt agahidh ar an ollscoil. Ba mhór an buntáiste é an comhthéacs sóisialta inar fhoghlaim siad an teanga i gCumann Chluain Árd, rud nach raibh ar fáil i ranganna 40 bomaite na scoile.

Tá Máirtín Uí Ghrianna ag imirt tionchar ar fhoghlaimeoirí Gaeilge i mBéal Feirste agus níos faide i gcéin le breis agus leathchéad bliain anuas, agus mar gheall ar an eolas a chuir sé ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile, agus ar an dóigh lách ina ndearna sé sin, mairfidh an saibhreas teanga agus an dearcadh uathúil atá ag an Ghael ar an tsaol go ceann i bhfad. Comhbhrón ó chroí le bean chéile Mháirtín, Deirdre, lena chlann Máire, Róise, Gráinne, Conall agus Éamonn, agus lena gharpháistí.