'Teach Ard na bhFeá agus a Theaghlaigh’ le Bríghid Mhic Sheáin

Bhí fógra sa Belfast News Letter agus sa Northern Whig in 1847 agus teach ar leith le ligean. Bhí parlúis agus proinnseomraí ann, ocht seomra leapa, seomra folctha, folcadáin agus cithfholcadáin. Sna tailte thart timpeall air bhí gairdín mór toirtiúil agus stáblaí do dheich gcapall. Bhí idir 10 agus 24 acra talún ag gabháil leis fosta.

San am a raibh an fógra ann, is cosúil go raibh ag teip ar ghnó an tionónta, Lewis Reford, a shaothraigh a chuid i ndomhan an línéadaigh, agus go rabhthas ag iarraidh duine úr a aimsiú leis an teach a thógáil ar cíos.

Sin an tátal atá bainte as na foinsí staire ag Bríghid Mhic Sheáin ina leabhar nuafhoilsithe, ‘Teach Ard na bhFeá agus a Theaghlaigh’, togra a mhaoinigh an Roinn Pobal. Is i gceantar ar a dtugar an Cheathrú Ghaeltachta anois atá Teach Ard na bhFeá suite. Meastar gur tógadh an teach i lár na 18ú haoise agus le breis agus scór bliain anuas tá na céadta daltaí ag fáil oideachas trí mheán na Gaeilge ann, óir is ann atá Coláiste Feirste suite.

2Gallery

Tá Teach Ard na bhFeá ar cheann de na tithe is sine i mBéal Feirste atá go fóill ina sheasamh agus murach an leabhar seo, is dócha go mbeadh pobal na Gaeilge dall ar fad ar na scéalta a bhaineann leis, ar an éagsúlacht teaghlach agus grúpaí a bhí lonnaithe ann, agus ar an tionchar mór a d’imir siad ar mhuintir na cathrach uilig i gcúrsaí oideachais, sláinte, déantúsaíochta agus trádála.

COINNÍOLL A SÁRAÍODH

Chónaigh dreamanna de chreidimh éagsúla ann thar na blianta agus tá cuntas tugtha orthu uilig in ord croineolaíochta sa leabhar. Ina measc bhí Preispitéirigh (muintir Vance) agus teaghlach de Chairde na gCumann (muintir Reford). Cé go raibh coinníoll in uacht úinéir an tí a fuair bás in 1888, Isabella Hardy (née Hamilton), nach bhfaigheadh Caitliceach ar bith seilbh air, cheannaigh an Dr Mageean, Easpag an Dúin agus Choinnire é in 1932 go ndearna siúracha Ord na Trócaire clochar de agus gur bhunaigh ospís ann.

Ritheann sé liom gur sin ceann de na fáthanna a bhfuil leabhair faoin stair áitiúil chomh tábhachtach sin agus riachtanach, mar is é ár scéal féin atá iontu agus is mór mar a shaibhríonn eolas air sin an saol dúinn.

Mar sin, rinneadh athshamhlú ar fheidhm an tí mhóir a bhí tráth amuigh faoin tuath i seilbh lucht an rachmais. Fá 1932 bhí sé timpeallaithe ag sráideanna cúnga, tithe beaga agus daoine den aicme a bhí ag obair sna muilte sa cheantar máguaird agus ar theith a muintir ón ghorta mhór.

Dar le Bríghid Mhic Sheáin, ní fios cá huair go díreach a tógadh an teach ach in 1754 fuair Robert Wallace, línéadaitheoir, léas ó Iarla Dhún na nGall ar 340 acra talún i mbaile fearainn Bhaile Uí Mhurchú, a shín an t-am sin ón áit a bhfuil barr Bhóthar na Carraige Báine inniu go hAbhainn Bheara ag Bóthar Boucher agus siar ó thuaidh go Bealach Uí Chinnéide Uachtair.

LÍNÍOCHT BHEAG

Tá a fhios againn go raibh teach tógtha ar thalamh Wallace go cinnte faoi 1777, áfach, mar bhí líníocht bheag de le feiceáil in ‘Maps of the Roads of Ireland’ le Taylor agus Skinner a foilsíodh an bhliain sin. Scríofa air tá ‘Beechmount, Wallace Esq.’

Ní hamháin go dtugann an t-údar tuairisc ar na tréimhsí a chaith na teaghlaigh éagsúla in Ard na bhFeá, ach tugann sí eolas fosta ar an chomhthéacs inar mhair siad. Ba línéadaitheoirí iad muintir Wallace agus bhí tuarghort acu in aice leis an teach, áit fhairsing inar leag siad an t-éadach amach don phróiseas tuartha a d’fhág cuma níos báine air. Tugtar le fios don léitheoir gur nós é an tuarghort a lonnú in aice leis an teach a tháinig chun cinn ní hamháin ar mhaithe le háisiúlacht ach le cosc a chur ar ghoid an línéadaigh.

Fuair an t-údar cuid mhaith eolais ó John Verlin in Melbourne na hAstráile faoi mhuintir Wallace. Tá sé féin pósta ar bhean a shíolraigh ón teaghlach.

Tráchtann Bríghid Mhic Sheáin ar an athrú a tháinig ar chúrsaí gnó sa chathair le himeacht ama. I gcás mhuintir Riddel, an teaghlach is faide a chónaigh sa teach, ó thart ar 1855 go 1924, d’fhorbair a ngnó ó dhíol agus ceannach iarnra go déanamh earraí miotail – agus rinne siad fortún nach beag as. Thóg siad foirgnimh mhóra i bPlás Dhún na nGall agus i Sráid Ann agus bhí féith na carthanachta go mór mhór sna deirfiúracha ba óige, Eliza agus Isabella, a bhronn na mílte punt ar Ollscoil na Banríona agus ar Ospidéal Royal Victoria. B’fhiú na milliúin in airgead an lae inniu é.

DEIRFIÚRACHA RIDDEL

Tá Halla Riddel i gceantar an tSrutháin Mhilis ainmnithe as na deirfiúracha flaithiúla. Foirgneamh álainn atá ann a tógadh le cóiríocht a chur ar fáil do mhná óga. Is ann a bheas bainis col ceathrar liom sna laethanta beaga atá amach romhainn. A bhuí le Bríghid Mhic Sheáin agus an obair atá déanta aici ar an leabhar seo, beidh gné eile leis an dea-ócáid teaghlaigh seo i m’aigne féin mar is fearr anois mo thuiscint ar an stair a bhaineann leis an áit agus ar chúlra na ndaoine a chuir acmhainní ar fáil le go dtógfaí é.

Ritheann sé liom gur sin ceann de na fáthanna a bhfuil leabhair faoin stair áitiúil chomh tábhachtach sin agus riachtanach, mar is é ár scéal féin atá iontu agus is mór mar a shaibhríonn eolas air sin an saol dúinn.

Tá ‘Teach Ard na bhFeá agus a Theaghlaigh’ le fáil ó An Ceathrú Póilí sa Chultúrlann.