Amhail gach bliain eile beidh na taibhealaíona ag croílár na féile ag Oireachtas na Samhna 2025 i mBéal Feirste agus tá sraith comórtas do dhaoine óga agus do dhaoine fásta ar chlár na féile.  

Tosóidh Sceideal na gComórtas ag 11:00 ar Chéadaoin na Féile, 29 Deireadh Fómhair 2025 in Ionad Cois Cladaigh (ICC) áit a mbaileoidh cóir bhunscoile agus iar-bhunscoile le chéile chun tús binn, ceolmhar, a chur leis an bhféile, agus leanfar den sceideal sin Déardaoin, Dé hAoine agus Dé Sathairn na féile go mbeidh duaiseanna bronnta ar bhuaiteoirí uile na gcomórtas seo: Scéalaíocht, Aithriseoireacht, Amhránaíocht (Cór, Sean-Nós agus Rap), Lúibíní, Agallaimh Bheirte, Veidhlín, Feadóg Stáin, Ceol Beirte Dreas Cainte agus Damhsa ar an Sean-Nós.  

Trí bliana d’aois atá an t-iomaitheoir is óige a bheidh rannpháirteach i gcomórtais Taibhealaíon an Oireachtais 2025 ach ar ndóigh tá catagóirí éagsúla d’aoisghrúpaí sna comórtais ar fad. Tá sceideal mór imeachtaí sa bhreis ar na comórtais ar ndóigh le deis siamsaíochta a thabhairt do dhaoine óga, ina measc:

SEOMRA TEAGHLAIGH 
Déardaoin & Dé hAoine: 10:00 – 17:00 san Arc, Bunurlár, ICC
Cúinne spraoi ina mbeidh bréagáin do leanaí óga ann chomh maith le sraith imeachtaí éagsúla. Beidh cluichí boird, ábhar ealaíne, leabhair agus eile do gach aoisghrúpa ar fáil chomh maith. Arna eagrú ag Glór na nGael.
 
SPRAOI NA SAMHNA 
Déardaoin: 17:00 i Halla 2A, Leibhéal 1, ICC
Ócáid Bréag-Ghléasta do theaghlaigh le leanaí óga. 
Amhráin le Neilí agus Fear an Ghiotáir agus Dioscó Gaelach ina dhiaidh sin.
Sólaistí scanrúla curtha ar fáil. Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta.
 
CLINIC LEABHAR
Dé hAoine: Bunurlár, ICC
Beidh deis ag léitheoirí óga coinne 15 nóiméad a fháil le Dochtúir Leabhar, comhairle a fháil maidir leis na leabhair is fearr leo agus tabharfaidh an dochtúir oideas dóibh leis an gcéad leabhar eile ar cheart dóibh a léamh, ar féidir leo é a thabhairt chuig an siopa leabhar nó leabharlann áitiúil.

Cuirfear fáilte roimh gach páiste, duine óg nó teaghlach ag an gClinic, beag beann ar chumas, riachtanais nó bacainní léitheoireachta agus fágfaidh gach páiste an Clinic le hoideas léitheoireachta pearsanta agus cóip de threoirleabhar léitheoireachta Leabhair Pháistí Éireann.
 

BHUR LÁITHREOIRÍ: Cúla4
2Gallery

BHUR LÁITHREOIRÍ: Cúla4

CUISLE NA GAELTACHTA
Dé hAoine: 18:00 - 20:00 san Arc, ICC
Seisiún mór ceoil agus siamsaíochta do rannpháirtithe an chláir Cuisle.
Fáilte roimh chách a bheith rannpháirteach. Arna eagrú ag Ealaín na Gaeltachta
 
CÓISIR CÚLA4
Dé Sathairn: 11:00 i Halla 2B, Leibhéal 1, ICC
Beidh láithreoirí Cúla4 i mbun spraoi agus siamsaíochta ag an gcóisir seo ag a mbeidh dioscó spleodrach, péinteáil aghaidhe agus iliomad gníomhaíochtaí eile don teaghlach ar fad.
Seolfar sraith teilifíse úrnua freisin, Dar le Daideo, le Niall Mac Eachmharcaigh. Beidh na haíonna speisialta ón tsraith i láthair don ócáid bhríomhar seo. Arna eagrú ag Cúla4
                  
CLUB NA FÉILE NA nÓG 
Dé Sathairn: 17:00 i Halla 2B, Leibhéal 1, ICC
Amhránaíocht, damhsa, ceol agus sólaistí! 
Scoth na siamsaíochta do na hiomaitheoirí óga ar fad a bhí rannpháirteach i gcomórtais taibhealaíon an Oireachtais agus dá gcairde!
 
AN ÓIGE AR AN TEILIFÍS
Beidh TG4 ag craoladh clár beo, Lár Stáitse, ar Aoine na Féile istigh ar an Stáitse Mór san ICC, ar a mbeidh buaiteoirí chomórtais taibhealaíon an Oireachtais.  Fáilteofar roimh chách sa lucht féachana.
 
Tá eolas cothrom le dáta faoi imeachtaí uile na féile ar fáil ar láithreán gréasáin an Oireachtais.