Ceann de na heispéiris is deise liom ná dul amach sa dorchadas agus siúl thart nó suí tamall in áit chiúin sa dúlra, páirc, coill nó cladach, agus éisteacht le ceol na hoíche. Ba bhreá liom Beann Mhadagáin a dhreapadh i ndiaidh luí na gréine, castáil le hainmhithe a bhíonn i bhfolach i rith an lae agus amharc síos ar Loch Lao agus ar fhrithchaitheamh na soilse san uisce. Faraor, níl sin déanta agam, agus déarfainn gur beag bean agus fear a dhéanfadh a leithéid mar tá sé greanta san aigne againn nach bhfuil sé sábháilte dul amach inár n-aonar san oíche. Tá cultúr na heagla ann, rud nach bhfuil folláin. Cén rogha atá againn, áfach? Tuigimid nach mbeadh sé siosmaideach dul sa tseans.
 
Tá moltaí ann le mná go háirithe a choinneáil slán. Ná caith sciorta atá ‘ró-ard’ ná barr atá ‘ró-íseal’. Ná héirigh ‘ró-ólta’ agus seachain na drugaí mar ní fios cad é a tharlódh duit agus siabhrán ort. Ná téigh abhaile le strainséirí agus ná siúil abhaile leat féin, ach más gá duit siúl abhaile leat féin, cloígh leis na bealtaí móra agus leis na háiteanna atá faoi shoilse sráide. Iompair tú féin mar a bheadh bean mhaith mhúinte ionat agus ná déan aon rud a thabharfadh ar fhear drochghníomh a dhéanamh ort.
 
Neadaithe sa treoir seo uilig tá an tuiscint gur ar an íobartach atá an locht má dhéantar ionsaí uirthi. An raibh an locht ar Urantsetseg Tserendorj as a bás féin? Sháigh duine eile sa mhuineál í agus í ag siúl abhaile óna cuid oibre mar ghlantóir oifige i mBaile Átha Cliath i mí Eanáir na bliana seo. Cailleadh coicís ina dhiaidh sin í. Is ag siúl abhaile a bhí Sarah Everard fosta, ó theach a carad i ndeisceart Londan, nuair a d’imigh sí gan tásc gan tuairisc ar an 3 Márta. Sna pictiúir is deireanaí di, tá sí clúdaithe ó bhun go barr in éadaí – bríste fada, cóta, hata, bróga ísle reatha. Fuarthas a corp i mála níos mó ná seachtain ina dhiaidh di imeacht as radharc breis agus 50 míle ar shiúl ón áit a bhfacthas den uair dheireanach í. Tá oifigeach de chuid an Met, fear a raibh sé mar phost aige an pharlaimint agus foirgnimh rialtais a chosaint, cúisithe ina fuadach agus ina dúnmharú.
 

2Gallery

Bímis iontach soiléir faoi seo. Níl ach cúis amháin le hionsaí agus éigniú ar dhaoine, is é sin iompar agus gníomhartha an ionsaitheora nó an éigneora féin. Is ar an choirpeach, agus ar an choirpeach amháin, a luíonn an locht. Ní bhaineann sé, le fírinne, le do chuid éadaí, leis an am den lá ná leis na deochanna atá ar bord agat nó nach bhfuil. Níl aon chinnteacht ann go mbeidh an té atá ‘slán sábháilte’ sa bhaile saor ó chontúirt ach oiread. In 2019-20, chláraigh an PSNI breis agus 31,000 cás den drochíde sa bhaile agus níos mó ná 18,500 coir den chineál chéanna. D’fhreagair siad d’eachtra sa bhaile gach 17 mbomaite ar an mheán. Ní fios cá mhéad coir eile a dearnadh nár cuireadh in iúl do na póilíní.

 
Oíche Dé Sathairn seo caite, chruinnigh mná agus fir in Clapham Common le cuimhneamh ar Sarah Everard agus le léirsiú in aghaidh an fhoréigin a imríodh uirthi. Tháinig póilíní Met ar an láthair. Seachas seasamh gualainn ar ghualainn leis an phobal, chuir siad le crá na ndaoine nuair a bhrúigh agus a tharraing siad léirsitheoirí go talamh gur chuir glais lámh orthu.

Ar ndóigh, tharla an léirsiú i gcomhthéacs na srianta Covid, ach ní hionann póilíneacht éifeachtach agus daoine a ghabháil. Ba cheart don Met ligean don agóid teacht chun críche go nádúrtha agus ligean don slua gonta scaipeadh go calma.
 
Is gá dul i ngleic leis an dímheas ar ghrúpaí ar leith sa tsochaí againn. Ní féidir le duine aonair cultúr iomlán a athrú, ach tá sé de chumhacht ag gach uile dhuine againn dúshlán an té atá as ord a thabhairt inár saol laethúil – sa bhaile, san obair, i measc cairde, ar an pháirc imeartha, sa seomra feistis, sa seomra ranga, sna grúpaí WhatsApp. Tugaimis le fios nach bhfuil iompar a dhéanann díobháil do mhná, ná aon ghrúpa ar leith, ar leibhéal ar bith inghlactha. Nuair a dhéanaimid dochar do ghrúpa amháin, tá gach duine againn thíos go mór leis.