Faoi dheireadh, tá céim mhaith chun cinn tugtha ag Comhairle Chathair Bhéal Feirste chun fáil réidh lena polasaí leatromach maidir le comharthaí sráidainmneacha dátheangacha.

Nuair a thiocfaidh an polasaí úr i bhfeidhm, beidh sé ag teacht leis an phrionsabal go bhfuil cearta ag mionlaigh agus nach bhfuil na cearta sin ag brath ar chead ón mhóramh.
 
An tseachtain seo caite ag cruinniú de choiste na Comhairle a bhíonn ag plé le comharthaí, vótáil móramh ar son polasaí a thabhairt isteach a fhágfaidh go mbeidh sé i bhfad níos fusa ar shaoránaigh comharthaí dátheangacha a chur in airde sna sráideanna s’againn. An toradh a bheas air seo ná go mbeidh an Ghaeilge níos feiceálaí. Déanfar normalú uirthi.
 
Ní bheidh sí ceilte an oiread agus a bhíodh, agus beidh tionchar aige sin ar mheon an phobail, rud atá iontach tábhachtach.
 
Cúis mhór sásaimh atá sa toradh seo do phobal na Gaeilge – táimid ag fanacht leis ar feadh na mblianta fada. Ach fiú amháin i measc lucht labhartha na teanga, tá daoine ann atá buartha gur scríobadh ar ghearb an tseicteachais a bheadh ann comhartha Gaeilge a chur in airde. Tá imní orthu go gcuirfeadh comharthaí datheangacha isteach ar ‘dhuine inteacht’ agus go mbeadh fadhbanna ann.

2Gallery

Is é an trua é go bhfuil a leithéid d’eagla agus d’imní orthu agus go gceapann siad go mbeadh sé níos sábháilte an Ghaeilge a choinneáil ina rún agus í a labhairt go príobháideach ina saol pearsanta agus b’fhéidir ar obair amháin. Ar an drochuair, seo toradh fadmharthana an impiriúlachais a théann go domhain isteach san fhochoinsias. Cé go bhfuil na húdaráis féin, an Chomhairle sa chás seo, ag rá linn go bhfuil sé inghlactha anois comharthaí Gaeilge a chur in airde, táthar ann i measc na nGael arbh fhearr leo fanacht tamall eile. Ach cad air a mbeimis ag fanacht? Go dtiocfaidh athrú meoin ar bhiogóidigh atá chomh naimhdeach sin don teanga go scriosfadh siad comharthaí? Bheimis ag fanacht go Lá Sheoin Dic. Níor chóir bheith ag déanamh íseal le haineolas, le tromaíocht, le forlámhas cultúrtha. Bímis réidh le hiarratais a chur isteach chuig an Chomhairle a luaithe a thiocfaidh an polasaí úr i bhfeidhm.

Tá trí athrú thábhachtacha sa pholasaí úr. Maidir leis an truigear don phróiseas le comhartha dátheangach a fháil, ní bheidh de dhíth as seo amach ach iarratas ó dhuine amháin, seachas achainí sínithe ag aon trian de na vótóirí cláraithe ar an tsráid. Go dtí seo, murar vótáil duine i bpobalbhreith na Comhairle, glacadh leis go raibh sé nó sí i gcoinne comhartha dhátheangaigh. Tá deireadh leis an riail áiféiseach sin agus as seo amach ní ghlacfar san áireamh, bealach amháin ná bealach eile, tuairim an té nach vótálfaidh. Athrú mór eile ná go gcaithfidh 15% de vótóirí ar an tsráid vótáil ar son comhartha dhátheangaigh. Roimhe seo – agus is doiligh seo a chreidbheáil – is 67% a bhí ann. Tá an riail dheireanach seo ag teacht le dea-chleachtas idirnáisiúnta agus le comhairle an AE agus na Náisiún Aontaithe agus leis an Chairt Eorpach i dtaca le teangacha mionlaithe.
 
Tá cúpla constaic eile le sárú sula mbeidh an polasaí i bhfeidhm. Caithfidh an lán-Chomhairle vótáil faoi ag an chéad chruinniú eile dá cuid, ach siocair go bhfuil formhór na bpáirtithe ar a shon – Sinn Féin, SDLP, Pobal Seachas Brabús, Páirtí na Comhghuaillíochta agus an Comhaontas Glas – rachaidh sé fríd. Seans go mbeidh próiseas comhairliúcháin phoiblí ann fosta le deis a thabhairt don phobal a dtuairimí a nochtadh faoin mhéid atá beartaithe.
 
Bhí an próiseas leis an mhéid seo a bhaint amach fadálach. Táthar ag súil go n-imreoidh an toradh seo tionchar ar chomhairlí eile atá go fóill ag séanadh a gcuid cearta teanga ar shaoránaigh.