Foilsíodh ar na mallaibh taighde a rinne an Dr Úna Monaghan, ceoltóir agus innealtóir fuaime iomráiteach Feirsteach, faoin tionchar atá ag inscne orthu siúd a ghlacann páirt i saol an cheoil thraidisiúnta. Chaith sí trí bliana ar an togra agus tá alt léi le fáil anois in Ethnomusicology Ireland Journal.
 
Tá an Dr Monaghan ag seinm ceoil le breis agus scór bliain. Thug sí faoi deara thar na blianta gnéasachas agus fuath ban i gcúrsaí ceoil thraidisiúnta, rud atá le fáil sa saol go ginearálta. I mí na Samhna 2017 thosaigh sí ag obair ar léiriú saothar ceoil mar fhreagairt ar a taithí féin ar na cúrsaí seo. Le linn di bheith ag dul dá hobair chruthaitheach, chuala sí roinnt mhaith scéalta ó cheoltóirí eile.
 
Ba léir don taighdeoir go raibh ‘eagla’ ar dhaoine a gcuid scéalta a insint agus go raibh cúiseanna éagsúla leis sin. Bhí faitíos ar chuid acu go mbeadh daoine eile feargach leo, go mbeadh a ngairm oibre thíos leis nó go dtabharfadh pobal an cheoil cúl dóibh. Bhí drogall ar chuid acu labhairt amach cionn is an meas a bhí acu féin ar an traidisiún agus b’fhearr le ceoltóirí eile líomhaintí go raibh siad ag tarraingt droch-chliú ar an traidisiún a sheachaint. Chinn an Dr Monaghan go ndéanfadh sí an cás a fhiosrú ar dhóigh chórasach, acadúil agus in 2018 thosaigh sí ag bailiú sonraí ar bhonn a d’fhág nach raibh ar na rannpháirtithe sa taighde a n-ainmneacha a thabhairt. 

Thuairisc bean amháin gur dhúirt múinteoir léi nuair a bhí sí tuairim is 12 bhliain d’aois nach dtiocfadh le cailíní an phíb a sheinm siocair nach bhfuil toilleadh a scamhóg mór go leor.

Seo an méid a fuair an Dr Monaghan amach. Tá struchtúir ann i saol an cheoil thraidisiúnta a thugann buntáistí d’fhir seachas mná. Tá an gnéasachas atá le fáil sa tsochaí trí chéile le fáil i suíomhanna ceoil thraidisiúnta fosta agus bíonn tionchar aige sin ar rannpháirtíocht ban.

Tátail eile a bhain sí as na sonraí ná gur rud seanbhunaithe é an tionchar atá ag inscne ar chúrsaí, go bhfuil tionchar ag inscne ar dhaoine in achan réimse den cheol traidisiúnta agus go bhfuil daoine fásta agus páistí araon faoina hanáil. Ní sa chomhthéacs gairmiúil amháin atá le mothú ach oiread.

Tugadh freagraí 81 duine ar shuirbhé san áireamh sa staidéar agus tá 121 scéal ar leith ann. Tá samplaí ann den ghnéasachas ó thaobh na gcineálacha uirlisí a shamhlaítear le fir agus le mná. Thuairisc bean amháin gur dhúirt múinteoir léi nuair a bhí sí tuairim is 12 bhliain d’aois nach dtiocfadh le cailíní an phíb a sheinm siocair nach bhfuil toilleadh a scamhóg mór go leor.

Tá leithcheal léirithe sna samplaí a thug mná atá pósta nó a bhfuil clann acu. Thug ceoltóir amháin le fios go raibh gníomhaire dá cuid míshásta nuair a chuala sé go raibh sí le pósadh. Dúirt sé amach lena haghaidh nach raibh sé ag iarraidh am, airgead ná acmhainní a chaitheamh ar dhuine a tharraingeodh amach as camchuairt ag an bhomaite dheireanach agus gur ghá di a chur in iúl dó má bhí sí ag iarraidh páistí a bheith aici. Ní dhearna sé a leithéid d’éileamh ar na fir a bhí sa ghrúpa chéanna léi, a bhí pósta agus cuid acu a raibh páistí acu. 

ÉAGOTHROMAÍOCHT

Tá oibiachtú gnéis agus ionsaithe gnéis féin i gceist le cuid de na samplaí atá sa taighde. Chaill bean amháin amach ar an deis gig a dhéanamh ag féile nuair a dhiúltaigh sí luí leis an eagraitheoir. Tá scéalta ann fosta nach raibh iontu ach eachtraí beaga aonair, rudaí a bhféadfaí a rá ina leith nach raibh i gceist leo ach drochiompar duine ar leith nó nach raibh siad bunaithe ar inscne. Deir an Dr Monaghan nach léir i gcónaí dóibh siúd a chuireann leis an éagothromaíocht ar bhonn inscne ná dóibh siúd a bhíonn thíos leis gurb ann dó ar chor ar bith. Míníonn sí fosta nach bhfuil aon chúis aonair leis ná aon réiteach simplí amháin air.
 
Ceann de na hiarmhairtí is brónaí atá tagtha chun solais mar gheall ar an taighde ná go n-éiríonn cuid mhór ban as a gcuid rannpháirtíochta i saol an cheoil thraidisiúnta de réir mar a théann siad in aois. Tá cuid de na rannpháirtithe stoptha ar fad de bheith ag freastal ar sheisiúin agus ar imeachtaí eile ceoil. De réir a chéile, ídítear a bhféinmhuinín, bíonn siad scoite amach go fisiciúil agus go meabhrach agus cailleann siad amach ar dheiseanna forbartha ar bhealach nach dtarlaíonn i gcás fear.
 
Anois go bhfuil eolas bailithe le chéile faoi na fadhbanna seo agus scagadh déanta orthu, is féidir dul i ngleic leo. Sin an chéad chéim eile.