Tá pobal na Gaeilge i mBéal Feirste agus níos faide i gcéin faoi bhrón mór ag bás Aoife Ní Riain, bean álainn, lách nár chuir í féin chun tosaigh mórán go poiblí ach a mhúnlaigh ár saol ar dhóigheanna nár thuig go leor againn go dtí seo.
 
Ba as Contae Thiobraid Árann do mhuintir Aoife agus d’fhás sí aníos i gCluain Tarbh. Bhain sí céim amach sna Saorealaíona agus sa Léann Ceilteach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus d’aistrigh sí go Béal Feirste sna hochtóidí, áit ar thóg sí féin agus a hiarpháirtí, Gearóid Ó Cairealláin, a gclann mhac, Ainle, Cairbre agus Naoise Ó Cairealláin.

Tá an chéad radharc a fuair mé ar Aoife greanta i mo chuimhne. Samhradh na bliana 1993 a bhí ann agus bhí mé ag ól tae sa Chaifé Glas. Tháinig bean isteach, leanbh ina mbaclainn aici agus strapa mála ar a gualainn. D’éirigh Gearóid le cathaoir a fháil di agus a chinntiú go raibh sí féin agus Naoise beag socair is ar a gcompord.
 
Tá neart cuimhní eile ann. Ba leabharlannaí í Aoife agus d’oibrigh sí sa Leabharlann Láir. Thaitin na cuairteanna sin liom ar an seomra Éireannach thuas an staighre agus ise ar dualgas ag an deasc. Seirbhís i nGaeilge i gcroílár na cathrach. Agus saineolas aici ar an ábhar a bhí á lorg. Dá n-iarrfá leabhar ar leith, thabharfadh sí cúpla ceann sa bhreis a bhain le hábhar amach as an stóras chugat, rud a d’éascaigh do chuid staidéir go mór. Bhí dúil as cuimse ag Aoife sa cheol traidisiúnta. An consairtín a rogha uirlis agus ba ghnách léi seinm le cúpla cara ceoil dá cuid in aice leis an deasc fáilte sa Chultúrlann ag am lóin ar an Satharn.
 
Cuimhne eile a ritheann liom ná lá sa Chultúrlann a bhí Ainle agus Cairbre ar ais ar cuairt ón ollscoil agus iad fásta ina bhfir mhóra ó d’fhág siad Coláiste Feirste. Ag amharc orthu ina seasamh in aice lena máthair, ba ghreannmhar liom an smaoineamh gurbh Aoife, beainín beag, caol, a thug an bheirt théagartha seo ar tsaol.
 
Ba chraoltóir le Raidió Fáilte í Aoife. Dúirt a comhghleacaithe an tseachtain seo gur duine dílis í a thugadh cuidiú d’oibrithe deonacha i gcónaí. Tá cuimhní agam ar oícheanta sa charr ag tiomáint abhaile ó rang, cruinniú nó coinne le cairde, ag éisteacht leis an mheascán iontach ceoil a bhí aici ar a clár ‘Ar Seachrán le hAoife’.
 
Ar an dea-uair, chuir mé aithne níos fearr uirthi tuairim is trí bliana ó shin agus ba ghnách linn bualadh le chéile anois is arís le cupán tae a ól nó lón a ithe agus comhráite a dhéanamh faoi shaol na mban, faoin fhealsúnacht, faoina cuid pleananna imeacht ar feadh cúpla mí chun na Téalainne le cúrsaí machnaimh agus córais folláine an Oirthir a fhiosrú.
 
San obair dom cúpla seachtain ó shin, tháinig ainm Aoife aníos agus plé ar siúl faoi bhunaitheoirí na Cultúrlainne. Dúradh gurbh ise duine de na daoine ba mhó a bhrúigh bunú Meánscoil Feirste chun cinn. Saol trí Ghaeilge a bhí uaithi dá clann agus don phobal agus ghlac sí féin agus a comrádaithe céimeanna móra radacacha chun cinn leis an fhís sin a fhíorú. Tá a lámh chaoin le sonrú ar ionaid fhisiciúla na nGael, ar eagrais a bhí ar gor sa Chultúrlann agus a leathnaigh amach aisti, ar institiúidí oideachais agus ar Raidió Fáilte. Tá na luachanna agus na tréithe a bhí go smior inti le mothú ina triúr mac atá ceannródaíoch ina réimsí féin, agus atá, thar aon rud eile, cineálta, cásmhar, flaithiúil mar dhaoine.
 
Chuaigh tórramh Aoife thart le Coláiste Feirste agus sheas lucht a caointe tamaillín taobh amuigh den Chultúrlann, an scaradh sóisialta i bhfeidhm, gur sheinn ceathrar ceoltóirí ‘Sí Bheag, Sí Mhór’. Ba é an chéad uair é le míonna fada a raibh ceol beo cluinste againn. Balsam don chroí.