Tá cúpla rud ar thábla na cistine agam a bhaineann le mná i mo theaghlach ag dul siar cúpla glúin. Tá cearc chriadóireachta ann a choinníonn uibheacha, potaí beaga salainn agus piobair agus grianghraf de sheanmháthair liom agus í ina bean óg ina seasamh in aice le hasal agus trucailín. Tá cúpla gné sa phictiúr a thugann le fios go mbaineann sé ré atá caite. Tá sé dubh agus bán agus tá stíl ghruaige agus éadaí na 1940idí uirthi. 

Tógadh an pictiúr sin i mbaile dúchais m’athar mhóir, Tuaim i gContae na Gaillimhe. Bhí cúpla duine clainne ag an bheirt acu fán am ar aistrigh siad ann ó Bhéal Feirste agus chaith an bheirt sin roinnt blianta ar an bhunscoil ann. Rugadh cúpla duine eile dóibh, mo mháthair féin duine acu, sular tháinig siad aniar aneas arís le lonnú i mBéal Feirste go buan.

Cúpla samhradh ó shin bhí iomlán an teaghlaigh cruinnithe ar ais i dTuaim Dá Ghualann faoi choinne bhainis duine de na col ceathracha Meiriceánacha a bhí ag iarraidh pósadh ar an tseanfhód. An lá i ndiaidh na hócáide móire, thug grúpa beag againn turas thart ar an seanbhaile leis na láithreacha tábhachtacha i scéal ár muintire féin a fheiceáil. Ciallaíonn an focal ‘Tuaim’ áit adhlactha agus sa reilig chonaic muid na leacacha ar uaigheanna mo shin-seantuismitheoirí, seanuncailí agus seanaintíní. Rinne muid iontas dá óige a bhí cuid acu nuair a cuireadh sa chré choiscrithe iad. Ní raibh mo dhaideo ach 16 bliana d’aois nuair a cailleadh a leathchúpla deirféar, agus fuair duine eile den chlann bás in aois a 21 bhliain. Is í an eitinn a sciob iad.

Trasna an bhóthair ón teach inár rugadh mo mháthair bhíodh balla ard liath tiubh ach níl ach giota de fágtha anois. Is cuimhin le m’uncail go maith mar a shín sé feadh an bhóthair agus eisean ina ghasúr óg. Ba ghnách leis liathróidí peile a chiceáil ina aghaidh. Corruair théadh siad thar an bhalla ach bhí sé ró-ard agus róchiotach le dreapadh. Ó na hiarsmaí atá fágtha den bhalla, tá an chuma air go raibh sé an-éifeachtach le cosaint a thabhairt, le príobháideachas a chinntiú agus le cosc a chur ar ghliúcanna na cosmhuintire amuigh. Ag ceann amháin an bhalla bhí dhá gheata ghlasa agus ó am go chéile, thiocfadh leis na páistí áitiúla an deis a thapú a liathróid a fháil ar ais nuair a osclaíodh na geataí le lucht seachadta earraí a ligean isteach. Is beag a thuig duine ar bith acu ag an am na gníomhartha oilc a bhí á ndéanamh taobh thiar den bhalla sin san Áras Máithreacha agus Leanaí a bhí á reáchtáil na siúracha Bon Secours.

Fuair staraí as Tuaim, Catherine Corless, amach tuairim is seacht mbliana ó shin go raibh teastais bháis ann do 796 leanbh a chónaigh san áras, ach nach raibh taifead ar bith ann ar a n-adhlacadh. D’imigh siúracha Bon Secours in 1961. Tá eastát tithíochta, clós súgartha agus sráideanna anois san áit ina mbíodh suíomh na mban rialta. Bunaithe ar na ceisteanna a d’ardaigh Catherine Corless mar gheall ar a cuid taighde, tháinig oibrithe isteach ar son an stáit agus chuaigh siad ag tochailt sa talamh a bhíodh ag an ord crábhaidh agus fuair siad amach go raibh taisí leanaí curtha áit a raibh umar séarachais.

Mura bhfuil fios an bhealaigh agat, tá sé doiligh go leor áit adhlactha Leanaí Thuama a aimsiú ach bhí an mhuintir áitiúla iontach foighdeach linn agus muid ar lorg treoracha. Tá geata isteach sa chlós beag glas ina bhfuil siad curtha. Tá dealbh den Mhaighdean Mhuire ann agus fágann daoine bréagáin, éadaí leanaí, bláthanna agus coinnle ann mar ofrálacha. 

Foilsíodh tuarascáil le cúpla seachtain anuas a rinne an Coimisiún Fiosrúcháin um Árais Máithreacha agus Leanaí. As na hinstitiúidí a d’fhiosraigh siad, fuair 9,000 páiste bás idir 1922-1998, is é sin 15% de na leanaí uile. Tá cuid de na sonraí sa tuarascáil scáfar amach is amach agus is doiligh a chreidbheáil gur imir an stát, na hoird chrábhaidh agus teaghlaigh cruálachas chomh trom sin ar mhná a bhí ag iompar agus ar pháistí s’acu. 

Cén míniú atá ar an scéal? Cad chuige ar tugadh cead a gcinn do lucht na n-ainghníomhartha? Cá dtosófá ag déanamh cúitimh do na daoine uilig a d’fhulaing an bhrúidiúlacht? Smaoiním ar an difear idir an saol a chaith Leanaí Thuama agus a máithreacha, agus ar shaol mo mhuintire féin a rugadh agus a tógadh, agus cuid acu a adhlacadh, cúpla céad slat uathu.