Tá scéalta Feirsteacha, cur síos ar na cúinsí inar mhair ár sinsir in aimsir an Drochshaoil, agus scéal ársa atá tráthúil sa lá atá inniu ann i measc na n-ábhar atá faoi chaibidil sna leabhair iontacha atá ar an ghearrliosta i gcatagóir Leabhar Gaeilge na Bliana i nGradaim Leabhair na hÉireann 2021 de chuid An Post. Is é Love Leabhar Gaeilge a reáchtálann rannóg na Gaeilge. Tá na leabhair uilig le fáil in An Ceathrú Póilí, siopa leabhar na Cultúrlainne agus ar www.anceathrupoili.com. Dóigh fhiúntach le do dhearbhán £100 ón Fheidhmeannas a chaitheamh go háitiúil roimh dheireadh na míosa.

An Cheathrú Rua agus na hOileáin sa Naoú hAois Déag

Áine Ní Chonghaile

5Gallery

Sárleabhar a tharraingíonn ar an iliomad foinsí staire agus ar an seanchas agus amhránaíocht áitiúil le léargas a chur ar fáil ar an chlaochlú eacnamaíochta agus sóisialta a tháinig ar shaol na ndaoine i gceantar iargúlta i gConamara sa naoú céad déag, tréimhse ina raibh cogaí san Eoraip, gortaí in Éirinn agus cur na cosmhuintire ar eisimirce mar pholasaí le dul i ngleic leis an bhochtaineacht. Tá cur síos ann ar idirspleáchas tiarnaí talún agus a dtionóntaí agus ar an aistriú go réimeas úr inar tháinig an eaglais Chaitliceach agus daoine den phobal chun cinn mar urlabhraithe ar son mhuintir an cheantair. Tá nithe uilíocha le fáil sa leabhar seo a dhíríonn ar an cheantar as ar fáisceadh an t-údar féin. Cuirfidh léitheoirí as an uile chearn suim ann.

Inní

Réaltán Ní Leannáin

Thar aon dream sa tír, bainfidh léitheoirí an nuachtáin seo go háirithe sult mór as an chnuasach seo de ghearrscéalta le húdar a d’fhás aníos agus a tháinig in inmhe in iarthar Bhéal Feirste. Tá Réaltán Ní Leannáin géarchúiseach. Tá sonraí sna scéalta a aithneoimid uilig, mar shampla nósanna agus tréithe sainiúla na gcarachtar, rud a chuireann leis an phléisiúr mhór a bhaineann leis an leabhar seo a léamh. Tá greann sna scéalta, ach tá nithe ann fosta a chuirfidh alltacht ort mar gheall ar an éagóir a dhéantar ar mhná go háirithe. Tá simplíocht an fhriotail agus soiléire na hinsinte ar na buanna is mó atá ag an leabhar. Ardscil é an méid sin a bhaint amach.

Madame Lazare

Tadhg Mac Dhonnagáin

5Gallery

Tá aithne ar Thadhg Mac Dhonnagáin mar cheoltóir, cumadóir amhrán, craoltóir, údar neamhfhicsin agus foilsitheoir leabhar do pháistí. Tá an chruthaitheacht go smior ann agus is léir gur fhás na splancanna samhlaíochta ina mbladhairí agus é ag dul don leabhar áirithe seo, an chéad úrscéal óna pheann. Tá clisteacht thar na bearta ag baint leis an dóigh a bhfuil sé i ndiaidh dul i ngleic le ceisteanna casta, íogaire féiniúlachta an Ghiúdachais sa tréimhse i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda agus sníomhann sé eachtraí a thiteann amach i dtréimhsí difriúla do charachtair éagsúla in Árainn, i bPáras agus sa Bhruiséil go snasta. Tá tóir mhór ag an phobal ar an leabhar seo agus dúirt Áine Ní Ghlinn gurb é an t-úrscéal Gaeilge is fearr a léigh sí le fada an lá é. 

Mé Suibhne

Feargal Ó Bearra

5Gallery

Is iontach an tionscadal atá idir lámha ag Leabhar Breac, foilsitheoir atá lonnaithe in Indreabhán, le blianta beaga anuas chun leaganacha a chur ar fáil do léitheoirí an lae inniu de scéalta ársa Gaeilge. Tá bearnaí á líonadh acu in aigne agus i gcroí na nGael agus tá moladh nach beag ag dul dóibh as tabhairt faoin obair thábhachtach, dhúshlánach seo. Tá an leabhar áirithe seo speisialta maith. Tá scéal Shuibhne rí curtha i láthair ar dhóigh fhíorfhileata i dteanga mhaisiúil, shaibhir. Chuir Naomh Rónán mallacht ar Shuibhne agus bhí air na blianta fada a chaitheamh sna crainn, scoite amach óna theaghlach agus óna phobal. Tá na téamaí tráthúil – uaigneas, aonarachas, streachailt an duine le fadhbanna meabhairshláinte. Ach tá dóchas ann ar deireadh. Sárleabhar amach is amach, an aiste ag deireadh go háirithe.

Ré na bhFathach

Colm Ó Ceallacháin

5Gallery

Seo an dara cnuasach gearrscéalta ó pheann Choilm Uí Cheallacháin. Tá rud éigin as alt ina saol ag na príomhcharachtair sna scéalta uilig. Gníonn siad rudaí a chuireann níos faide síos bealach a n-aimhleasa iad. Mar léitheoir tá fonn mór ort iad a tharraingt siar ón chrá croí agus iad ag dul i ngleic le diostóipe stáit, síocóis aigne, an andúil, an leadrán. Ach níor fhulaing siad go leor fós agus is ard an praghas a bheas le híoc acu le ciall a cheannach. Bua mór atá ag an chnuasach seo ná gur féidir leis an léitheoir saol na gcarachtar i ndiaidh chríoch na scéalta a shamhlú – an rachaidh siad bealach a leasa ar chor ar bith riamh? Staidéar géarchúiseach ar nádúr an duine agus ar an té nár éirigh leis an mí-ádh a tháinig air a shárú.