Mothaím go bhfuil aithne níos fearr agam ar na daoine i mo chomharsanacht mar gheall ar an tréimhse a chaith muid uilig faoi dhianghlasáil.

Ní hé gur chaith mé am ina gcuideachta – níorbh féidir. Ach ó tharla iad a bheith thart níos mó agus tuilleadh ama bheith agamsa le caitheamh i mo nead bheag féin ar an chéad urlár, bhí mé ábalta cuid mhór dá dtagann isteach sa tsráid agus dá n-imíonn amach aisti a bhreathnú. De réir a chéile, tháinig rithim agus rialtacht chun cinn agus i ndiaidh tamaill bhí an t-athrú ba lú ina imeacht mór suntasach.

Bhí comharsana nach mbíodh le feiceáil de ghnáth i lár bán an lae le sonrú sa timpeallacht, go háirithe ag am lóin. Is dócha go raibh siad ar scor ón obair nó go raibh siad ag obair sa bhaile. Daoine nach samhlóinn aon bhaint a bheith acu lena chéile ar chor ar bith, ba léir gur den teaghlach chéanna iad, rud a tháinig chun solais agus iad amuigh le chéile ag siúl an mhadaidh nó ag dul don bhabhta laethúil aclaíochta rialtascheadaithe.

Tháinig lucht seachadta bia agus béilí isteach sa tsráid i bhfad níos minice, veaineanna Tesco, Iceland agus Asda ag teacht is ag imeacht ó dhubh go dubh, ach tá maolú mór tagtha air sin le tamall.

Nuair a bhí an aimsir bhreá linn i mí na Bealtaine, rinne scaifte páistí ar rothair coilíneacht de stráice ar leith den bhóthar. D’éirigh le roinnt acu cleasanna áirithe a thabhairt chun foirfeachta, mar shampla an faoilí (leagan focloir.ie ar an wheelie). Thapaigh cuid acu an deis fosta dathanna geala, láidre, glas, gorm agus dearg, a chur ina gcuid gruaige, rud nach mbeadh ceadaithe ar scoil.

Tá fear amháin ann a shiúlann i ngach áit agus an lá áirithe seo bhí naíchóiste leis den chéad uair agus babaí beag tuairim is trí mhí d’aois istigh ann. Is maith liom a shamhlú gur gariníon úr leis a bhí sa leanbh agus gurbh é seo an chéad uair aici ag déanamh cuideachta lena daideo.

Tá mac iontach dílis ag bean aosta trasna an bhóthair. Caithfidh go rud sí uaigneach gan é, ach bhí áthas an domhain orm nuair a thosaigh sé ar a chuid cuairteanna laethúla i ndiaidh na hoibre an athuair. Fuair na fálta bearradh maith fosta. Líonadh an t-aer arís le búiríl agus béicíl gharpháistí na ndaoine béal dorais, agus na mná ar ghnách leo siúl anonn is anall sa chistin go mall san oíche – ag cur le líon na steipeanna, glacaim leis – bíonn siad le feiceáil amuigh anois ag siúl agus iad lán brí agus fuinnimh. Céimeanna beaga iad seo uilig agus go méadaí siad sna seachtainí atá romhainn seachas a mhalairt.

Scoil Samhraidh Mhic Reachtain

An tseachtain seo caite chuir mé mo mhíshástacht in iúl nach raibh ach bean amháin ainmnithe ar chlár Scoil Samhraidh Mhic Reachtain i mbliana.

Tá an fheiceálacht tábhachtach agus ábhar díomá a bhí ann nach raibh níos mó ban luaite ar chlár mhórimeacht na bliana seo. Is fiú a gceart a thabhairt d’eagraitheoirí imeachtaí Chumann Cultúrtha Mhic Reachtain fosta, áfach, agus a lua go mbíonn cothromaíocht inscne ag na féilte acu de ghnáth. Bíonn imeachtaí ceoil agus litríochta den chéad scoth acu agus tá mé ag dúil go mór le tuilleadh acu amach sa bhliain agus in 2021.

Tá súil agam gur ar ais in Áras Mhic Reachtain na teolaíochta a bheas muid cruinnithe ar an am seo arís agus ní scoite amach óna chéile os comhair na scáileán sa bhaile.