GRÁINNE NÍ GHILÍ̃N: An Chruit Bheo, féile i gcuimhne ar chruitirí 1972
NUAIR a rinne na máistirphéintéirí léiriú ar aingle Dé agus ar na neacha naofa a mhaireann sna flaithis, trompaí agus cláirsigh na huirlisí a bhí acu le glóir a dtiarna a fhógairt. ‘Múscail, a anam liom! Músclaígí, a chláirseach agus a chruit! Músclóidh mé féin an maidneachan.’ Is iomaí tagairt don chruit atá le fáil sa bhíobla, an ceann seo ó Leabhar na Salm san áireamh. Tá an chruit mar shiombail oifigiúil ag stát na hÉireann, í le feiceáil ar stáiseanóireacht an rialtais agus ar bhoinn airgid. Bhí stádas ar leith ag cruitirí i dtithe na huasaicme agus na dtaoiseach Gaelach. I ndiaidh Chath Chionn tSáile in 1601, áfach, nuair a fuair na Sasanaigh an lámh in uachtar ar na taoisigh, agus mar thoradh ar imeacht na n-iarlaí go mór-roinn na hEorpa in 1608, thosaigh meath ag teacht ar dheiseanna fostaíochta na gcruitirí. Fá dheireadh na 18ú haoise, bhí an traidisiún dúchasach ceoil chóir a bheith imithe i léig ar fad. Tá cuntas breá sa leabhar ‘Béal Feirste Cois Cuain’ le Breandán Ó Buachalla ar na hiarrachtaí a rinne aos cultúir na cathrach ag deireadh na 18ú haoise a chinntiú go gcaomhnófaí ceol na gcruitirí. Sa bhliain 1792, d’eagraigh siad Tionól na gCruitirí sna Assembly Rooms ar choirnéal na Sráide Thuaidh agus Shráid Waring. Bhí Edward Bunting, orgánaí óg in Ardeaglais Naomh Áine, i láthair leis an cheol a bhreacadh síos agus tá na lámhscríbhinní ag leabharlann Ollscoil na Banríona. Tharraing cruitire déag ar Bhéal Feirste don tionól. Ultaigh a bhí i bhformhór acu. Bhí seisear acu dall. Bhí 97 mbliana slánaithe ag an duine ba shine acu, Donnchadh Ó Hamsaigh (Denis Hempson) as Aird Mhic Giollagáin agus bhí drogall air a cheol a roinnt. ‘Ní thuigfidh duine ar bith mo chuid ceoil,’ ar sé. Ní raibh an duine ba óige, William Carr, ach 15 bliana d’aois, agus bhí bean amháin ina measc, Rose Mooney.